Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 10:22 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

22 Atáid na huile neiṫe ar na dtaḃairt ḋanhsa óm Aṫair: agus ní ḃfuil a ḟios ag éinneaċ ciá hé an Mac, aċd ag a Naṫair; agus ciá hé an Taṫair, aċd ag an Mac, agus an té dá dtiúḃraḋ an Mac a noċduġaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

22 Tá na h-uile neiṫe tugṫa daṁ-sa ag m’Aṫair, agus ní fuil a ḟios ag aoinneaċ cé h-é an Mac, aċt an t-Aṫair, ná cé h-é an t-Aṫair, aċt an Mac agus an té ar ṫoil leis an Ṁac a noċtaḋ dó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Atá gaċ uile niḋ taḃarṫa ag m’Aṫair daṁ‐sa; agus ní ḟuil a ḟios ag aoinneaċ, aċt ag an Aṫair aṁáin, cia h‐é an Mac; agus cia h‐é an t‐Aṫair, aċt ag an Mac, agus ag an té gur toil leis an Mac a noċtaḋ ḋó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Do ṫug m’Aṫair dóṁ-sa gaċ uile níḋ, agus ní h-eól d’aoinne cé h-é an Mac aċ do’n Aṫair, ná cé h-é an t-Aṫair aċ do’n Mac agus do’n t-é d’ár toil leis an Mac é ḋ’ḟoillsiú.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 10:22
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Do ḟreagair Iósa a nuáirsin agus a duḃairt sé, Do ḃeirim buiḋeaċas ḋuit, a Aṫair, a Ṫiġearna neiṁe agus talṁan, ar son gur ḟoluiġ tú ná neiṫese ó ḋáoniḃ eagnuiḋe agus tuigseanaċa, agus gur noċt tú íad do leanbaiḃ.


A tá gaċ uile ní ar na ṫaḃairt ḋaṁsa ó Máṫair: agus ní háiṫniḋ déinneaċ an Mac, aċd do Náṫair; agus ní báiṫniḋ deinneaċ an Taṫair, aċd don Ṁac, agus dá gaċ áon dár ab áill leis an Mac a ḟoillsiuġaḋ.


Agus ar dteaċd Diosa do laḃair sé ríu, ag ráḋ, Ṫugaḋ ḋamsa gaċ uile ċuṁaċda ar a neaṁ agus ar talaṁ.


Ni ḟacaiḋ neaċ ar biṫ Día a riaṁ; an áoinġein Ṁic, atá an uċd a Naṫar, as é dfoillsiġ é ḋúinne.


Mar aiṫniġeas an Taṫair misi, agus aiṫniġimsi an Taṫair: agus do ḃeirim manam ar son na gcáoraċ.


Ar na aiṫne Diosa go dtug an Tahair na huile néiṫe fá ná láṁuiḃ, agus gur ab ó Ḋía ṫáinig sé, agus gur ċum Dé do ḃí sé ag dul;


Agus as leaċdsa na huile neiṫe is leamsa, agus as leamsa na neiṫe as leaċdsa; agus atáim ar mo ġlóruġaḋ iontasan.


Aṁail as do ṫug tú cúṁaċda ḋósan air gaċ uile ḟeóil, do ċum go dtioḃraḋ sé an ḃeaṫa ṁarrṫanaċ do gaċ uile ḋuine ḋá dtug tú ḋó.


Agus dfoillsiġ mé ṫainmsi ḋóiḃ, agus foillséoċaiḋ mé é: ionnus an gráḋ lér ġráḋuiġ tú misi go mbíaḋ sé ionntasan, agus misi ionnta.


Agus taḃairsi a Aṫair, a nois, glóir ḋaṁsa ad ḟoċair féin maille ris an nglóir do ḃí agam ad ḟoċair suil do cruṫuiġeaḋ an sáoġal.


Atá gráḋ ag an Aṫair do Ṁac, agus tug sé na huile neiṫe iona láiṁ.


Ann sin ḃías an ċríoċ ḋeiġeanaċ, ar dtaḃairt na rioġaċda súas dó a láiṁ Dé, eaḋon an Taṫar; an tan ċuireas sé ar gcúl gaċ uile úaċdaránaċd, agus gaċ uile ċúṁaċd agus gaċ uile neart.


Oír a sé an Día, do aiṫin don tsolas soillsiuġaḋ as an dorċadus, do ḋealruiḋ ann ar gcroiḋiḃne, ċum soillsi éolais ġlóire Dé do ṫaḃairt uáinn a ngnúis Iósa Críosd.


Go hard ós cionn gaċ uile úaċdáranaċda, agus ċúṁaċd, agus neirt, agus ṫiġearnuis, agus gaċ uile anma dá nainmniġṫear, ní sa tsáoġalsa aṁáin, aċd mar an gcéudna sa tsáoġal atá ċum teaċda:


Do ċuir tú na huile neiṫe síos fá na ċosuiḃ. Oir ar gcur na nuile neiṫeann fáoi ḋó, níor ḟág sé éinní gan ċur fáoi. Giḋeaḋ ní ḟaicmíd a nois go fóill na huile neiṫe fá úṁlaċd dó.


Aċd atá a ḟios aguinn go dtáinic Mac Dé, agus go dtúg sé tuigse ḋúinn, ris an Día ḟíre daiṫniuġaḋ, agus atamuid sa Día ḟíre sin, ann a Ṁac Iósa Críosd. A sé so an fír-Ḋía, agus an ḃeaṫa ṁarṫannaċ.


Giḋ bé neaċ ṡáruiġeas, agus naċ coṁnuiġeann a dteagusg Ċríosd, ní ḃfuil Día aige. An tí ċóṁnuiġeas a dteagusg Ċríosd, atá an Taṫair agus an Mac aige.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ