Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 10:20 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

20 Aċd ċeana na bíoḋ gáirdeaċas oraiḃ, ar son go ḃfuilid na spioraidiḋe fá ḃur smaċd; aċd go maḋ mó ḃiás gairdeaċas oruiḃ fá go ḃfuilid ḃur nanmanna sgríoḃṫa ar neaṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

20 Aċt ná bíoḋ lúṫġáir oraiḃ san ṁéid seo, go ḃfuil na spioraid faoi ḃur smaċt; aċt bíoḋ lúṫġáir oraiḃ, de ḃríġ go ḃfuil ḃur n-ainmneaċa scríoḃṫa ins na flaiṫis.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

20 Aċt ċeana, ná bíoḋ áṫas oraiḃ toisc na spioraidí ḃeiṫ fá smaċt agaiḃ; aċt toisc ḃúr n‐ainmneaċa ḃeiṫ scríoḃṫa ar neaṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

20 Sa n-am gcéadna ná bíoḋ gáirdeaċas oraiḃ toisg spioraidí ḃeiṫ fé nḃúr smaċt, aċ bíoḋ gáirdeaċas oraiḃ toisg ḃúr n-ainimneaċa ḃeiṫ sgríoḃṫa ins na flaṫais.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 10:20
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Scriostar amaċ íad as leaḃar na mbéo, agus ná scríoḃṫar íad maille ris na fíréunuiḃ.


Giḋeaḋ annois, maḋ áill leaċd maiṫ ḋóiḃ a bpeacaḋ; agus munandean, cuir misi as do leaḃar (iarruim daṫċuinge ort) noċ do sgrioḃ tú.


Agus tiucfa a ccríċ, an té fúigfiġear a Sion, agus an té ḟanfas ann Ierusalem, go ngoirfiġear náoṁṫa ḋe, eaḋon gaċ neaċ atá scríoḃṫa a measg na mbéo ann Ierusalem:


O a ṪIĠEARNA, a ḋóṫċuis Israel, biáiḋ náire ar gaċ a ttréigiona ṫusa, agus na daoine ḋeileoċus riomsa béid scrioḃṫa annsa talaṁ, do ḃríġ gur ṫréigeadar an TIĠEARNA, tobar na nuisgeaḋ mbéo.


Agus biáiḋ mo láṁ air na fáiġiḃ do ċí díoṁaóineas, agus ċumas bréaga: ní ḃéid síad a noireaċtas mo ṗobail, ní mó scríoḃṫar íad a scríḃinn ṫiġe Israel, ní mó raċaid síad a steaċ a ndúṫaiġ Israel; agus aiṫeontaói gur misi an Tiġearna DIA.


Agus annsa namsin seasfuiḋ Miċael súas, an prionnsa mór ṡeasas air son ċloinne do ṗobailsi: agus biáiḋ am buáiḋearṫa ann, a leiṫéid naċ raiḃ a ríaṁ eaḋon go nuige an tamsin: agus annsa namsin sáorfuiġear do ṗobalsa, a nuile ḋuine dá ḃfuiġṫear scrioḃṫa annsa leaḃar.


Agus ar ngairm a ḋá ḋeisgióbal déag, tug sé ċuṁaċda ḋóiḃ a naġaiḋ na spiorad neaṁġlan, do ċum go tteilgfeidis a maċ íad, agus go sláneoċaidis gaċ uile easlainte agus éagcrúas.


Go deiṁin a tá Mac an duine ag imṫeaċd do réir mar sgríoḃṫar air, aċd is anáoiḃinn don té lé mbraiṫtear Mac an duine! do buḋ maiṫ dó naċ béarṫáoi é.


Agus ar dteilgean na bpíosaḋ airgid úaḋ ann sa teampoll, do ḋealuiġ sé ríu, agus ar nimṫeaċd do ṫoċd sé é féin.


Agus sírim daṫċuinge ortsa, mar an gcéudna, a ċompanuiġ ċarṫanaiġ, cungnaṁ ris na mnáiḃ noċ do rinne díṫċioll maille riomsa sa tsoisgéul, agus fós maille ré Clemens, agus ris an gcuid eile dom luċd caḃarṫa, agá ḃfuilid a nanmanna a leaḃar na beaṫa.


Agus ċum an coiṁṫionóil ġinearalta agus eagluis gaċa ċéidġine, noċ atá sgríoḃṫa ar neaṁ, agus ċum Dé breiṫeaṁ na nuile, agus ċum spíorad na ḃfiréun ndiongṁálta,


Uime sin do ḃéuruiḋ na huile ḋaóine áitreaḃas an talaṁ onóir ḋó, an luċd naċ ḃfuilid a nanmanna sgríoḃṫa a leaḃar ḃeaṫa a Nuáin do marḃaḋ ó ṫosaċ an doṁain.


An tainṁiḋe do ċonnairc tú do ḃí sé ann, agus ní ḃfuil; agus eiréoċuiḋ sé a níos as an bpoll duḃaigéin, agus do ġeuḃuiḋ a sgrios: agus buḋ hiongnaḋ ris an luċd áitreaḃas an talaṁ, (ag naċ ḃfuil a nanmanna sgríoḃṫa a leaḃar na beaṫa o ṫus an doṁain,) an tan do ċífid an tainṁiḋe do ḃí ann, agus naċ bḟuil, agus fós atá.


Agus do ċonnairc mé na mairḃ, eidír ḃeag agus ṁór, na seasaṁ a ḃfíaḋnuise Dé; agus do hosglaḋ na leaḃair: agus do hosglaḋ leaḃar eile, eaḋon leaḃar na beaṫa: agus rugaḋ breaṫ ar na ṁarḃaiḃ as na neiṫiḃ do ḃí sgríoḃṫa sna leaḃruiḃ, do réir a ngníoṁarṫaḋ.


Agus giḋ bé nar friṫ sgríoḃṫa a leaḃar na beaṫa do teilgeaḋ é sa loċ teineaḋ.


Agus ni raċa a steaċ innte ní ar biṫ neaṁġlan, ná do ní gráineaṁlaċd, ná bréug: aċd aṁáin an dream atá sgríoḃṫa a leaḃar ḃeaṫa a Nuáin.


An tí ḃeireas buáiḋ, biáiḋ sé ar na éuduġaḋ déuduiġiḃ gléiġeala; agus ní sgriosfad a ainm ċoiḋċe as leaḃar na beaṫa, aċd aidmeóċa mé a ainm a ḃfíaḋnuise Maṫar, agus a ḃfíaḋnuise a aingliḋiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ