Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 10:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Ar a naḋḃarsin a daḃairt sé ríu, Is mór an foġṁar, aċd is beag an luċd oibre: uime sin guiḋiḋ Tiġearna an ḟoġṁuir, luċd oibre do ċur amaċ ċum a ḟóġṁair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

2 Agus duḃairt sé leo: Tá an fóġṁar mór go dearḃṫa, aċt tá na h-oibriḋṫe gann. Ar an aḋḃar sin, guiḋigiḋ Tiġearna an ḟóġṁair ċun go gcuiriḋ sé oibriḋṫe amaċ ċuig a ḟóġṁar.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus aduḃairt sé leo, Is mór é an fóġṁar, aċt is suaraċ iad an luċt oibre: uime sin guiḋiḋ Tiġearna an ḟóġṁair buanaiḋṫe do ċur amaċ ċum a ḟóġṁair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Agus duḃairt sé leó: Fóġṁar mór agus meiṫiol suaraċ. Iarraiḋ, d’a ḃríġ sin, ar an t-é gur leis an fóġṁar luċt oibre do ċur ċun an ḟóġṁair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 10:2
48 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ann sin a duḃairt Elias ris an bpobal, Misi, misi féin aṁaín ṁairios dfáiġiḃ an TIĠEARNA; aċt atáid fáiġe Ḃaal ceiṫre ċeúd agus caógad fear.


Ṫug an TIĠEARNA an focal: bá mór an banna do ṡoisgéul é.


Agus do ḃéara mé áoḋaireaḋa ḋíḃ do réir mo ċroiḋe, noċ ḃeaṫoċus siḃ lé héolus, agus le tuigsin.


A ṁairg dáoḋaire a nioḋail ḟágḃus an tréad! biáiḋ an cloiḋeaṁ air a láiṁ, agus air a ṡúil ḋeis: tiormoċuiḋ a láṁ uile súas, agus dallḟuiġear a ṡúil ḋeas ṫríd amaċ.


Noċ ar ṁarḃadar a sealḃuiḋe íad, agus ṡáoilid íad féin do ḃeiṫ neiṁċiontaċ: agus a deir an drong reacus íad, Go maḋ beannuiġṫe an TIĠEARNA; óir ataim sáiḋḃir: agus ni ḃí truáiġe aga náoḋairiḃ féin dóiḃ.


Agus tiucfa misi a nuas agus laḃeóra me riot annsin: agus beanfa mé don spioraid atá ortsa, agus cuirfe mé orrasan é; agus iomċóruid siad úalaċ na ndáoine leaċtsa, íonnus naċ niomċoruiḋ tusa leaċd féin é.


Agus a duḃairt Maóise ris, An ḃfuil tnúṫ ortsa ar mo ṡonsa? do bfearr liom go mbeidís pobal an TIĠEARNA uile na ḃfáiġiḃ, agus go ccuirfeaḋ an TIĠEARNA a spiorad orra.


Oir is cosṁuil an ríoġaċd neaṁḋa ré fear tiġe áiriġṫe, do ċúaiḋ a maċ lé héirġe an láoi do ċur luċd oibre ar túarasdal ann ḟineaṁuin.


Aṁail duine ag dul a gcoigcríċ, dfág a ṫiġ, agus tug cuṁaċda ḋá ṡearḃḟóġantuiḃ, agus a obair féin do gaċ áonduine, agus do aiṫín dá ḋoirséoir faire do ḋéanaṁ.


Agus a duḃairt sé ríu, Imṫiġiḋ ar feaḋ an doṁain uile, déanuiḋ an soisgéul do ṡeanmóir do gaċ uile ċreatúir.


Agus ar ndul a maċ ḋóiḃsean do rinneadar seanmóir ann gaċ uile áit, ar mbeiṫ don Tiġearna ag coṁoibriuġaḋ ríu, agus ag taḃairt bríġ dá mbríaṫruiḃ leis na coṁaṫaiḋiḃ do lean íad. Amén.


Agus ag gairm a ḋá ḋeisciobal deg ḋó, tug sé neart agus cuṁaċda ḋóiḃ art na huile ḋeaṁnuiḃ, agus ar easláintiḃ do leiġeas.


Tuilleaḋ eile an dream do ḃí ar na sgaraḋ trés an mbuáiḋirt do éiriḋ ar son Steaṗáin do ṡiuḃladar go Ṗenícia, agus go Cíprus, agus go Hantíoċía, gan an ḃriaṫar do laḃairt ré héinneaċ aċd ris na Iúdaiġiḃ aṁáin.


Agus ar mbeiṫ ḋóiḃ ag minisdrálaċd don Tiġearna, agus deanaṁ trosga, a duḃairt an Spiorad Náoṁ, Cuiriḋ air leiṫ ḋaṁ Barnabas agus Sául fa ċoṁair na hoibre ċum ar ġoir mé íad.


Uime sin ar mbeiṫ ḋóiḃsion ar na gcur amaċ ón Spiorad Náoṁ, do ċúadar síos go Seléucia; agus as sin do ṡéoladar go Cíprus.


Ar a naḋḃarsin taḃruiḋ ḃur naire ḋíḃ féin, agus don tréud uile, ar a ndearna an Spiorad Náoṁ easbuig ḋíḃ, do ḃéaṫuġaḋ eagluíse Dé, noċ do ċeannaiġ sé lé na ḟuil féin.


Agus a duḃairt seisean rium, Imṫiġ roṁad: óir cuirfiḋ misi ag céin ṫú ċum na Gcineaḋaċ.


Uime sin an dream do ḃí ar na sgaraḋ dimiġeadar timċeall ag seanmóruġ na bréiṫre.


Agus do órduiġ Día dream áiriġe sa neagluis, ar tús absduil, na ḋiáiġ sin fáiḋe, an treas uáir luċd teaguisg, a rís luċd míorḃuile do ḋéunmah, na ḋiáiġ sin luċd leiġis, luċd coḃarṫa, luċd ríaġalta, agus iomad do ġnéiṫiḃ teangṫaḋ.


Aċd tré ġrás Dé atáim mar atáim: agus ní raiḃ a ġrásasan do tioḋlaiceaḋ ḋaṁ gan ḃríġ; óir is mó an saoṫar do rinne mé ná iadsan uile: bioḋ naċ misi fós, aċd grás Dé maile riom.


Agus ar mbeiṫ ḋúinne, ag cungnaṁ rision, íarrmuid fós daṫċuinġe oruiḃ gan ġrás Dé do ġaḃail ċuguiḃ do díoṁaóin.


Oír síad na neiṫe ḃeanas ríu féin íarruid na huile, agus ní híad na neiṫe ḃeanas ré Híosa Críosd.


Giḋeaḋ do ṁeas mé gur riaċdanaċ mo ḋearḃráṫair Epaṗroditus, do ċur ċuguiḃ, mo ċoṁoibriġe, agus mo ċoiṁḟior coguiḋ, agus ḃur dteaċdairese, agus an tí do ḟóir oram a nám mo riaċdanuis.


Do ḃríġ go dtáinic sé go garr don ḃás ar son oibre Ċríosd, agus nár ċuir suim ann a anam, ionnus go gcoiṁlíonfaḋ sé a nuireasḃaiḋ do ḃí oramsa a dtáoḃ ḃur seirḃísse.


A ní ċum a ḃfuilimse ag déunaṁ díṫċill, ar mbeiṫ ḋaṁ ag sbáirn do réir mar oibriġeas a oibriuġaḋsan ionnam go cuṁaċdaċ.


Cuiriḋ Epaṗras, searḃḟoġantuiḋe Ċríosd, noċ is díḃ féin, beannaċd ċuguiḃ, ag déunaṁ sbárna do ṡíor a núrnuiġiḃ ar ḃur son, ċum seasda ḋíḃ go diongṁálta agus líonta a nuile ṫoil Dé.


Oír as cúiṁain liḃ, a ḋearḃráiṫre, ar sáoṫairne agus ar nanṡóġ: óir ar mbeiṫ ḋúinn ag déunaṁ sáoṫair do ló agus doiḋċe, deagla ar dtruim do léigean ar éunduine aguiḃse, do rinneamar soisgéul Dé do ṡeanmóir ḋaóiḃ.


Agus íarrmuid daṫċuinġe oruiḃ, a ḋearḃraiṫre, aiṫne do ḃeiṫ aguiḃ air an luċd do ní sáoṫar ḃur measg, agus atá ós ḃur gcionn sa Dtíġearna, agus ṫeaguisgeas siḃ;


Tuilleaḋ eile, a ḋearḃráiṫre, guiḋiḋ air arsuinne, ionnus go mbíaḋ cumus réaṫa ag bréiṫir an Tíġearna, agus go ndéuntaói glórṁar é, do reir mar atá aguiḃse:


Oír as uime do nimíd sáoṫar agus imḋeargṫar sinn, do ḃríġ go ḃfuil ar muiniġin a Ndía ḃí, agár ab é as fear sáorṫa do na huile ḋáoiniḃ, go mórṁór do druing ċreideas.


Giḋeaḋ déunsa faire sna huile neíṫiḃ, fulaing anṡóġ, déin obair ṡoíḃisgeil, taḃair fá deara do ṁiniosdrálaċd do ḃeiṫ dearḃṫa.


Pol, priosúnaċ Iósa Críosd, agus an dearḃraṫair Timoteus ċum Ṗilémoín ionṁuin, agus ar ḃfear caḃarṫa,


Aċd atá Críosd mar ṁac a gceannas a ṫiġe féin; agár ab sinne a ṫíġ, má ċungḃamuid go daingean go teaċd don ċríċ ḋeiġeanuiġ dóṫċas agus gairdeaċas na muiniġne.


Sgrioḃ ċum aingil eagluise Eṗesuis; Ag so na neiṫe a deir an tí ċomgṁas na seaċd réulta na láiṁ ḋeis, noċ ṡiúḃlas a meaḋón na seaċd gcoinnleóir órrġa;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ