Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 10:19 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

19 Féuċ do ḃeirim ḋíḃ cuṁaċda saltairt air na haiṫreaċaiḃ niṁe agus ar na scorpiónuiḃ, agus ar uile neart naṁad: agus ní ġoirteoċaid éin ní siḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

19 Féaċ, ṫug mé cuṁaċt díḃ saltairt ar naiṫreaċa niṁe agus scorpioin, agus ar neart an náṁad go h-iomlán, agus ní ġortóċaiḋ aon níḋ siḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 Féaċaiḋ, atá cumas taḃarṫa agam daoiḃ ċum naṫraċa niṁe agus scairpeanna do ḃrúġaḋ fá ċois, agus buaiḋ ar gaċ neart na náṁad: agus ní ḋéanfaiḋ éinniḋ anaċain ar biṫ oraiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

19 Féaċ, tá taḃarṫa agam daoiḃ cumas ar ṡatailt ar aiṫreaċaiḃ niṁe agus ar scorpiónaiḃ, agus ar gaċ cóṁaċt de ċóṁaċtaiḃ an naṁad, gan doċar daoiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 10:19
12 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Oir a náit ar ċuir maṫair cuing ṫrom oruiḃ, cuirfe misi tuilleaṁ a ccionn ḃur gcuinge; do smaċtuiġ maṫair siḃ le sciúrsaḋuiḃ, aċt smaiċteóċuiḋ misi siḃ le sgiúrsaḋuiḃ déalgaṁla.


Sailteorair air an leoṁan agus air an Mbasilisc: do ḋéanair saltairt air an leoṁan óg agus air an ndragún.


Agus biáiḋ naóiḋe na ccíoċ ag súgraḋ ag poll na haspa, cuirfiḋ leanaḃ baineaḋ do ċíċ a láṁ ar úaṁuiġ an ċocatrís.


¶ Agus ṫusa, a ṁic an duine ná bíoḋ eagla ort rompa, agus ná bíoḋ eagla a mbríaṫar ort, matá go mbéid dreasa agus dosáin maille riot, agus go naíteoċa tú a measc naiṫreaċ niṁe: ná bíoḋ eagla ort ré na mbríaṫraiḃ, agus ná bi anḃuáineaċ fá na naiġṫiḃ, bíoḋ go ḃfuilid na ttiġ easuṁal.


Toigéuḃaid naiṫreaċa neiṁe; agus má iḃid ni marḃṫaċ ar biṫ, ni ġoirtéoċa sé íad; cuirfid láṁa ar na daóniḃ éagcruaiḋe, agus béid síad slán.


Nó dá niárraḋ sé úġ, an dtioḃraḋ se scorpion do?


Aċd ar gcroṫaḋ na péisde ḋósan sa teini, níor airiḋ sé doċar ar biṫ.


Agus bruiṫfiḋ Día na síoṫċána Sátan fáoi ḃur gcosaiḃ go haiṫġoird. Grása ar Dtiġearna Iósa Críosd maille riḃ. Amén.


Agus cía bé lér mían doċar do ḋéunaṁ ḋóiḃ, tig teine amaċ as a mbéul, agus sluigiḋ sí a naiṁde: agus cía bé lér mían doċar do ḋéunaṁ ḋóiḃ, as aṁluiḋ so ás éigean a ṁarḃaḋ,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ