Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 10:16 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 Giḃ bé éisdeas riḃsi is riomso éisdeas sé; agus giḃ bé ḃeir neiṁċion oruiḃsi, is oramsa do ḃeir sé neiṁċion; agus giḃ bé ḃeir neiṁċion oramsa is ar an té do ċuir úaḋ mé do ḃeir sé neiṁċion.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

16 An té a éisteas liḃ-se, is liom-sa a éisteas sé, agus an té a ḃeir tarcuisne díḃ-se, ḃeir sé tarcuisne daṁ-sa. Agus an té a ḃeir tarcuisne daṁ-sa, beir sé tarcuisne do’n té a ċuir uaiḋ mé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 An té éisteas liḃse, is liom‐sa éisteas sé; agus an té ḋiúltuiġeas daoiḃ, is daṁ‐sa ḋiúltuiġeas sé; agus an té ḋiúltuiġeas daṁ‐sa, diúltuiġeann sé do’n té do ċuir uaiḋ mé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 An t-é a ḋ’éisteann liḃ-se, is liom-sa a ḋ’éisteann sé; agus an t-é a ṫugann tarcuisne ḋaoiḃ-se, is dóṁ-sa a ṫugann sé tarcuisne; agus an t-é a ṫugann tarcuisne ḋóṁ-sa is do’n t-é a ċuir uaiḋ mé a ṫugann sé tarcuisne.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 10:16
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ar maidin ann sin do ċifíḋe gloir an TIĠEARNA; óir dó ċluin se ḃur munḃar a naġaiḋ an TIĠEARNA: agus créad sinne, as a ndéanaḋ siḃ munḃar ar naġuiḋ?


Agus a duḃairt Maóise, Bíaiḋ an ní marso, a nuáir do ḃeura an TIĠEARNA ḋiḃ tráṫnóna féóil re iṫe, agus ar maidin arán ḃur sáiṫ; do ċionn go gcluin an TIĠEARNA ḃur munḃar noċ do niṫí do ṁunḃar na aġuiḋ: óir cioḋ sinne? ní ar naġuiḋne atáid ḃur munḃar, aċd a naġuiḋ an TIĠEARNA.


¶ Onóruiġ mac a aṫair, agus onór uiġ serḃíseaċ a ṁaiġistir: maiseaḋ más aṫair misi, caiḋe monóir? agus mas maiġistir mé, caiḋe meagla? a deir TIĠEARNA na slóġ riḃsi, a ṡagarta, ḋímeasas mainm. Agus a dearṫaói, Cred ionar ḋísbeagamairne hainm?


¶ Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Maóise, Gá fad ḃías an pobalso ag cur feirge oram? agus gá fad naċ ccreidfid mé ar son na nuile coṁarṫaḋa do ṫaisbean mé eatorra?


Agus do rinneadar clann Israel uile iṫomráḋ a náġaiḋ Ṁaóise agus a náġaiḋ Aáron: agus a duḃradar an coṁċruinniuġaḋ uile riú, Do bfearr linn go ḃfuíġeamáois bás a ccríċ na Hégipte, nó do bfearr linn go ḃfuíġemaois bás annsa ḃfásaċso.


Ar son na cúisesin ṫusa agus do ċuideaċda uile do ċruinníġeaḃair siḃ féin a ccionn a ċéile a naġuiḋ an TIĠEARNA: agus créd é Aáron, as a ndéantaoi iṫiomráḋ na aġaiḋ?


An té ġaḃas siḃse ċuige gaḃaiḋ sé misi, agus gioḋ bé ġaḃas misi gaḃuiḋ sé an té do ċuir bé ġaḃas misi gaḃuiḋ sé an té do ċuir úaḋ mé.


Agus giḋ bé neaċ ġeaḃus ċuige énleanbán da leiṫid so am ainmsi gaḃuiḋ sé misi ċuige.


Giḋ bé neaċ ġéuḃus ċuige áon dá leiṫeidiḃ so do leanbuiḃ am mainmsi, gaḃuiḋ sé misi ċuige: agus giḋ bé neaċ ġéuḃus misi ċuige, ni misi ġaḃus sé ċuige, aċd an té do ċuir úaḋ mé.


Agus a duḃairt sé riú, Giḋ bé ġéuḃas ċuige an leanaḃ so a mainmsi is misi ġaḃas se ċuige: agus giḋ bé ġéuḃas misi ċuige, gaḃuiḋ sé ċuige an té do ċuir uáḋ mé: óir giḋ bé is luġa eadruiḃsi uile, bíaiḋ se mór.


Agus do laḃair Iósa do ġuṫ ard, agus a duḃairt se, Giḋ bé ċreideas ionnamsa, ní hionnamsa ċreideas sé, aċd ann sa té do ċuir úaḋ mé.


Giḋ bé ḋíultus mé, agus naċ gaḃann ċuige mo ḃríaṫra, atá aige neaċ ḋáorus é: an ḃríaṫar do laḃair mé, as í ḋáorfus é sa ló deiġeanaċ.


Go deiṁin, deiṁin, a deirim riḃ, Giḋ bé ġaḃus ċuige an té ċuirimse uáim gaḃuiḋ sé misi ċuige; agus giḋ bé ġabus misi ċuige gaḃuiḋ sé an té ċuir úaḋ mé ċuige.


A né nár leaċd féin é dá gcongaḃṫa é, agus an é naċ raiḃ sé ad ċúṁaċdaiḃ féin, íar na reic? créd far smúain tú a ní so ad ċróiḋe? ní lé dáoiniḃ do rinne tú brég, aċd ré Día.


Agus ní raiḃ tarcuisne ná grain aguiḃ air mo ċaṫuġaḋsa um ḟeóil; aċd do ġaḃaḃair ċuguiḃ mé mar aingeal Dé, nó fós mar Iósa Críosd.


Ar a naḋḃarsin an tí ċuireas a neaṁṡuin na neiṫesi, ní a nduine atá neaṁṡúim aige, aċd a Ndía, noċ fós tug ḋúinne a Sbiorad náoṁṫa féin.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ