Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 10:14 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Ar a naḋḃarsin buḋ socaṁluiġe do Ṫírus agus do Ṡídon ann sa ḃreiṫeaṁnus, na ḋáoiḃsi.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

14 Aċt béiḋ sócaṁal ag Tior agus ag Sídoin san ḃreiṫeaṁnas ṫar mar ḃéas agaiḃ-se.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Aċt, ċeana, ba ṡócaṁlaiġe do Ṫuire agus do Ṡídóin sa mbreiṫeaṁnas ’ná ḋaoiḃ‐se.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

14 Agus is saoire a raġaid Tuíre agus Sídón as lá an ḃreiṫeaṁntais ’ná mar a raġaiḋ siḃ-se as.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 10:14
10 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Tuilleaṁ oile, cred ḃur nimṫeaċdsa orumsa, a Ṫíor, agus a Ṡídon, agus uile ċóstaḋa Ṗalestin? an ccúiteoċṫaói luáiḋeaċd riom? agus má leasuiġionn siḃ riom, filltiḋ mé go lúaṫ agus go tapuiḋ ḃur ccúitiuġaḋ air ḃur ccionn féin;


¶ Marso a deir an TIĠEARNA; Ar son ṫrí sáruiġṫe Tírus, agus ar son a ceaṫair, ní ċoigeola mé íad: do ḃríġ gur ṡeaċadar súas na braiġde uile do Edom, agus nar ċuiṁniġiodar an cunnraḋ dearḃráiṫreaṁuil.


Siḃsi aṁáin daiṫin mé duile ṁuinntearuiḃ na talṁan: uimesin smaiċteoċa mé siḃ ar son ḃur nuile éigceart.


A deirim riḃ go deiṁin, go maḋ socaṁluiḋe do ṫalaṁ luċ Ṡodóm agus Ġomorra a ló an ḃreiṫeaṁnus, nó don ċaṫruiġsin.


Is anáoiḃinn ḋuit, a Ċorasin! Is anáoiḃinn duit, a Ḃetsáida! Óir da maḋ a Ttírus agus a Sídon, do ḋéantuiḋe na miorḃuile, do rinneaḋ ionnaiḃsi, is fada ó ṡoin do ḋéindís aiṫriġe a néadaċ róin agus a lúaiṫ.


Agus as é so an daṁnuġaḋ, do ḃriġ go dtáinig an solus air a tsáoġal, agus gur mó ġráḋuiġeadar na dáoine an dorċadas ná an solus, ar son go ḃfuilid a noibreaċa go holc.


Ar a naḋḃarin ní héidir do leisgél a ġaḃáil, a ḋuine, giḋ bé ar biṫ ṫú ḋamnuiġeas duine eile, oir ann sa ní a ndáorann tú neaċ eile, dáoraḋ tú ṫú féin; óir ṫusa ḋáorus duine eile do ní tú na neiṫe céadna.


Agus a né naċ daiméona an neaṁṫimċeallġearraḋ átá ó nadúir, má ċoiṁéudann sé an dlíġeaḋ, ṫusa, atá ad ḟior sáruiġe an dliġe trés an litir agus trés an dtímċeallġearraḋ?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ