Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 10:11 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Craiṫmíd ḋínn ḃur naġaiḋ, go fiú an luaiṫriḋ do lean dínn, as ḃur gcaṫruiġ: aċd ċeana bíoḋ a ḟios so aguiḃ, gur ḋruid rioġaċd Dé riḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

11 Fiú an dusta ó ḃur gcaṫair a ġreamuiġ dínn, glanamuid dínn é i ḃur n-aġaiḋ; aċt bíoḋ a ḟios seo agaiḃ, go ḃfuil ríoġaċt Dé i ngaoḃar díḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 croiṫimís dínn é ’n‐ḃúr n‐aġaiḋ: aċt ċeana, bíoḋ a ḟios agaiḃ go ḃfuil ríoġaċt Dé druidṫe liḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 Fiú ceó ḃúr gcaṫaraċ atá ar ár gcosaiḃ glanaimíd dínn é i nḃúr gcoinniḃ. Aċ bioḋ fios an méid seo agaiḃ, go ḃfuil ríġeaċt Dé i n-aċmaireaċt.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 10:11
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus má éistid síad, nó má ċoisgid, (óir is tíġ easuṁal íad,) ṫairis sin biáiḋ a ḟios aca go raiḃ fáiḋ iona measg.


Agus gioḋ bé neaċ naċ géuḃaiḋ siḃsi, agus naċ éisdfiḋ ḃur mbriaṫar, ar ndul a maċ as an teaċ nó as an gcaṫruiġsin díḃ, craiṫiḋ ḋíḃ lúaiṫreaḋ ḃur gcos.


Agus ar nimṫeaċd ḋáoiḃ, déuniḋ seanmóir, ag raḋ, Do ḋruid rióġaċd neiṁe riḃ.


Agus a ráḋ, Déanuiḋ aiṫríġe: óir do ḋruid ríoġaċd De riḃ.


Agus giḋ bé ar biṫ naċ géuḃa siḃ, agus naċ éisdfi riḃ, ar nimṫeaċd diḃ as sin, craiṫiḋ an lúaiṫreaḋ ḃías fá ḃar gcosaiḃ mar ḟíaḋnuisi na naġuiḋ. Go fírinneaċ a deirimsi riḃ, Gur fá socaṁluiġe de Ṡodom nó do Ġomorra a ló an ḃreiṫeaṁnuis, ná don ċaṫruiġ sin.


Agus giḃ bé caṫair ann a raċtáoi a sdeaċ, agus naċ géuḃuid siád siḃ, ar nimṫeaċd dáoiḃ amaċ ar na sraídiḃ, abruiḋ,


Agus slánaġaiḋ na heaslaín ḃias innte, agus abruiḋ riú, Do ḋruid rioġaċd Dé riḃ.


Agus giḋ bé naċ géuḃuiḋ ċuca siḃ, ar ḃfagḃáil na caiṫreaċasin dáoiḃ, craiṫiḋ fós an lúaṫbreaċán dá ḃur gcosniḃ mar ḟíaḋnuisi na naġaiḋ.


A ḟeara agus a ḋearḃraiṫreaċa, ċlann fíne Abraham, agus an ṁéid agaiḃ ar a ḃfuil eagla Dé, is ċugaiḃse do cuireaḋ bríaṫar na sláintese.


Uime sin taḃraiḋ ḃur naire riḃ, náċ dteigeuṁaḋ ḋáoiḃ, a ní atá ar na ráḋ ris na fáiḋiḃ;


Aċd ar ndéunaṁ dánaċda do Ṗól, agus do Ḃarnabas, a duḃradar, Is riḃse ar tús dob éigean bríaṫar Dé do laḃairt: giḋeaḋ ó ċurṫáoi ar gcúl í, agus go mbeirṫí do ḃreiṫ naċ fíu siḃ an ḃeaṫa ṁarṫanaċ dfaġáil, féuċ, atámaidne ag filleaḋ ċum na Gcineaḋaċ.


Aċd ar gcraṫaḋ ḋóiḃsion luaiṫriġ a gcos na naġaiḋ, tangadar go Hicónium.


Aċd a deir sé a naġuiḋ Israél, Do ṡín mé amaċ mo láṁa feaḋ an láoi ċum pobuil easúṁuil laḃrus am aġaiḋ.


Aċd créd a deir sí? Atá an ḃríaṫar a ngar ḋuit, ann do ḃéul, agus an do ċroiḋe: a sí so, bríaṫar an ċreidiṁ, do nimíd do ṡeanmóir;


Noċ ar mbeiṫ ḋo na ḋeallraḋ glóire, agus na ioṁáiġ ḟíre a ṗearsannsan, agus ag congṁáil súas na nuile neiṫeann ré breiṫir a ċúṁaċd féin, ar nglanaḋ ar bpeacuiġne ḋó ṫríd féin, do ṡuiġ sé ar láiṁ ḋeis na Mórġaċda sna hárduiḃ;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ