Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 10:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Agus na ḋiaiġ so dórduiġ an Tiġearna mar an gcéadna deiṫneaḃar agus trí fiċid eile, agus do ċuir sé na ndís agus na ndís roiṁe féin iád dá gaċ uile ċaṫruiġ agus ionnad, ann a raíḃ a ṫeaċd féin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

1 Agus ina ḋiaiḋ seo ṫoġ an Tiġearna ḋáréag agus trí fiċid eile, agus ċuir sé amaċ roiṁe iad, ina mbeirt agus ina mbeirt, go gaċ caṫair agus áit ina raiḃ sé féin le ṫeaċt.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 I n‐a ḋiaiḋ sin d’órduiġ an Tiġearna deiċneaḃar agus trí fiċid eile, agus do ċuir sé roiṁe amaċ iad ’n‐a mbeirt agus ’n‐a mbeirt go dtí gaċ caṫair agus áit ’n‐a raiḃ sé féin le teaċt.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Tar éis na neiṫ sin do ċeap an Ṫíġearna ḋáréag agus trí fiċid eile, agus ċuir sé roimis amaċ iad, ’n-a mbeirt a’s ’n-a mbeirt, ċun gaċ baile agus áit n-a raiḃ sé féin le teaċt ann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 10:1
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ṡeasadar as a ccoinne seaċtṁoġad fear do ṡinnsioruiḃ ṫiġe Israel, agus iona lár do ṡeas Iaasaniah ṁac Saṗan, gaċ aonduine maille re túiseóir ann a láiṁ; agus do ċuáiḋ néull ṫiuġ túise súas.


¶ Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Maóise, Cruinniġ ċugamsa seaċdṁoċad fear do ṡinnsearuiḃ Israel, noċ is aiṫne ḋuit ḃeiṫ na sinsir an ṗobail, agus na noifigiḋ ós a cionn; agus taḃair íad go tabernácuil an ċoṁċruinniġṫe, go raḃaid na seasaṁ ad ḟoċairsi annsin.


Oir géuḃaiḋ seisean roiṁesan a spioraid agus a ṡuḃáilce Elías, dfilleaḋ ċroiḋeaḋ na naiṫreaċ ċum na cloinne, agus na neasuṁal ċum gliocuis na dáoine gcoṁṫrom; agus dullṁuġaḋ ṗobuil ḋiongṁálta don Tiġearna.


Agus tusa, a leiniḃ, goirfiṫear diot faíḋ an té as Airde: óir raċuiḋ tú roiṁ aġaiḋ an Ṫiġearna dullṁuġaḋ a ṡliġeaḋ;


Agus ar na faicsin don Tiġearna, do ġaḃ trúaiġe ṁór ḋi é, agus a duḃairt sé ría, Na guil.


Agus are ngairm Deóin deisi áiriġe dá ḋeisciobluiḃ ċuige do ċuir sé dionsuiġe Iósa íad, ag ráḋ, An tusa an té do ḃí ċum teaċda? nó an ḃfuilmid ag feaṫaṁ ré neaċ eile?


Agus do ċuir sé teaċdairiġe róiṁe: agus ar nimṫeaċd dóiḃ, do ċúadara sdeaċ a mbaile na Samáritánaċ, do ċum go ndéanaidís ullṁaġaḋ roiṁesion.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ