Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 1:65 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

65 Agus do ġaḃ eagla a gcoṁarsuin uile: agus do haiṫriseaḋ na neiṫe so uile ċois tsléiḃe ṫíre Iúdaiġe uile.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

65 Agus ṫáinic eagla ar a gcóṁarsain go h-uile, agus h-innseaḋ na neiṫe seo uilig ar fud sléiḃte Iudaia ar fad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

65 Agus do ġaḃ eagla iad‐san do ḃí ’n‐a gcóṁnaiḋe ’n‐a dtimċeall: agus do leaṫ tuairisc na neiṫe sin go léir ar fud na sléiḃte i nIúdaea ar fad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

65 Agus ṫáinig eagla air na cóṁarsain go léir, agus do h-innseaḋ na neiṫe sin uile ar fuid sléiḃte Iúdaéa ar fad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 1:65
12 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus an tan do rugaḋ Iósa a Mbetleem ṫíre Iúdaiġe a laiṫiḃ Iorúaiṫ an rí, féuċ, tangadar dráoiṫe ó naird ṡoir Híarusalem,


Agus an tan do éiriġ Muire ann sna laéṫiḃ sin, do ċúaiḋ sí go ḋeíṫneasaċ ċois sléiḃe, go caṫraiġ Iúda;


Agus na huile ḋáoine da gcúaliḋ so do ġaḃ iongantus íad fá na neiṫeiḃ a duḃradar na háoḋairiḋe ríu.


Agus do ġaḃ úaṫḃás cáċ uile, agus do ṁoladar Día, agus do líonaḋ deagla íad, ag ráḋ, Do ċoncamair neiṫe doiċreidte a niuġ.


Agus do ġaḃ eagla íad uile: agus tugadar glóir do Ḋía, ag ráḋ, Déirġe fáiḋ mór an ar measg; agus, Dféuċ Día ar a ṗobal féin.


Agus fúaradar na Iúduiġe agus na Gréuguiġ uile do áitriġ a Nesṗesus a sgéula so; agus do ġaḃ eagla íad uilé. Agus do hoirrḋearcaḋ ainm an Tiġearna Iósa.


Agus do ġaḃ eagla gaċ uile anam: agus do rinneaḋ mórán do ṁíorḃuiliḃ agus do ċoṁarṫuiḃ leis na heasbaluiḃ.


Agus do ḃí eagla ṁór air a neagluis uile, agus ar na huile ḋáoiniḃ do ċúalaḋ na neiṫe so.


Agus ar gcloinsin na mbríaṫarsa Dananías, do ṫuit sé síos, agus do ċúaiḋ a anam as: agus do ḃí eagla ṁór ar gaċ duine ḋá ccúaluiḋ na neiṫe so.


¶ Mar sin do ḃuáil Iosua tír na slíaḃ, agus an taoiḃ ó ḋeas, agus na gleánnta, agus na sruṫ, agus a ríġṫe uile: níor ḟág neaċ béo ḋíoḃ, aċ do scrios sé uile an ṁéid iona raiḃ anáil, mar do aiṫin an TIĠEARNA Día Israel.


¶ Agus do ċuireadar muintir Ġibeon fios ċum Iosua don ċampa go Gilgal, gá ráḋ, Ná mainneaċdnuiġ do láṁ ód ṡerḃíseaċuiḃ; tárr ċuguinn tráṫ, agus sáor sinn, agus tárṫuiġ sinn: oir atáid na ríġṫe nan Amoriteaċ áitreaḃus air na sléiḃtiḃ uile ar ccruinniuġaḋ ar naġuiḋ.


Aċd a gcionn ṫrí lá go leiṫ do ċuáiḋ Spiorad na béaṫa ó Ḋía ionnta, agus do ṡeasadar air a gcosuiḃ; agus do ġaḃ eagla ṁór an dream do ċonnairc íad.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ