Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 1:49 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

49 Oir do rinne an té a tá cuṁaċdaċ neiṫe móra ḋaṁsa, agos is náoṁṫa a ainm.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

49 De ḃríġ go ndearna an té atá cuṁaċtaċ neiṫe móra daṁ, agus is naoṁṫa a ainm,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

49 Óir an té atá cuṁaċtaċ, do‐rinne sé neiṫe móra ḋom; Agus is naoṁṫa a ainm.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

49 Óir do ḋein an t-é atá cóṁaċtaċ neiṫe móra ḋom, agus is naoṁṫa a ainim.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 1:49
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a nuáir do ḃí Abram nóċad agus náoi mbliaḋna dáois, do ṫaisbéin an TIĠEARNA é féin do Abram, agus a duḃairt ris, Is misi an Día uile ċuṁaċdaċ; siuḃuil am ḟiadnuise agus bí diongṁalta.


Do ċuir sé fuasglaḋ ċum a ḋaóine: daiṫin sé go síorruiḋe a ċonnraḋ: is náoṁṫa agus onóraċ a ainm.


Cía hé an Ríġsi na glóire? An TIĠEARNA láidir agus cuṁaċdaċ, an TIĠEARNA cuṁaċdaċ a gcáṫ.


Molaidís hainm mór úaṫḃásaċ; oír is náoṁṫa é.


Arduiġiḋ an TIĠEARNA ar Ndíane, agus déanuiḋ uṁla ċum a ċnuic naoṁṫa; óir is naoṁṫa an TIĠEARNA ar Ndíane.


Cía as cosṁuil riot, a ṪIĠEARNA, a measc na ndée? cía as cosṁuil riot, glórṁar a naoṁṫaċd, eaglaċ a meltuíḃ, ag déanaṁ iongantaḋ?


Uimesin a deir an Tiġearna, TIĠEARNA na slóġ, Aon cuṁaċdaċ Israel, Ah, suáiṁneoċad mé féin óm easccáirdiḃ, agus diġeolad mé féin ar mo naiṁde:


Oír is marso a déaruiḋ an Táon árd úaċdaraċ noċ áitreaḃus a siorruiġeaċd, darab ainm Náomṫa; áitreaḃad ann sa náit áird agus náoṁṫa, agus maille ris an té atá do spioruid ċoṁmbrúiġte agus uṁail, daiṫḃéoġaḋ spioraide na nuṁal, agus daiṫḃéoġaḋ croiḋe na druinge ḃios coṁmbrúiġte.


Agus do ġoir aon ar oile, agus a duḃradar, Is náoṁṫa, náoṁṫa, náoṁṫa, TIĠEARNA na slóġ: atá an talaṁ uile líonta da ġlóir.


Cia hé so ṫig ó Edom, maille ré cúlaḋ ḋaite ó Ḃosrah? an té so atá glorṁar a néadaċ, ag siuḃal a méad a neirt? Misi laḃrus a ḃfíréantaċt, cuṁaċtaċ ċum saorṫa.


Do ḃríġ naċ ḃfuil áon cosṁuil riotsa, a ṪIĠEARNA; atá tú mór, agus is mór hainm a ccuṁaċt.


Aċt atá an TIĠEARNA liomsa mar áon cuṁaċtaċ úaṫḃásaċ: uimesin tuisliġfid luċd minġreama, agus ní ḃéuruid buáiḋ: agus biáiḋ náire ṁór orra; óir ní ḃéuruid síad biseaċ: ní dearmodṫar go bráṫ a milleaḋ síorruiḋe.


Agus tug Iósa cead dóiḃ ar an mball. Agus ar ndul a maċ do na spioradaiḃ neaṁġlana sin do ċúadar ann sna mucaiḃ: agus do ṫuit an tréd a ndiáiġ a gcinn ris an aill san ḃfairge, (agus do ḃádar timċeall ḋá ṁíle muc ann;) agus do múċaḋ íad ann sa ḃfairge.


Do ḃríġ gur ḟéuċ sé ar úṁla a ḃanóglaiġe f éin: oír, féuċ, ó so súas goirfid na huile ċine beannuiġṫe ḋíom.


Agus a tá a ṫrócaire ó ḋíne go díne don dréim ar a ḃfuil a eagla.


Uime sin don tí lér féidir na huile neiṫe do ḋéunaṁ go hiomarcaċ tar mar iarrmuid nó mar smuáinemíd, do réir an ċúṁaċd oibriġeas ionnain,


Cía air naċ biáiḋ eagla róṁad, a Ṫíġearna, agus naċ dtiuḃraḋ glóir dod ainm? Óir as tú táonar atá naoṁṫa: óir tiucfuid na huile ċineaḋaċa agus sléuċdfuid ad fíaḋnuise; óir atáid do ḃreiṫeaṁnuis ar na ḃfoillsiuġaḋ.


Agus do ḃí ar gaċ beaṫaċ fó leiṫ do na ceiṫre beaṫuiġiḃ sin, sé sgiaṫáin fá gcuáirt; agus íad don táoḃ a stiġ lán do ṡúiliḃ: agus níor sguireadar do ló ná doiḋċe, dá ḃeiṫ ag ráḋ, Is náoṁṫa, náoṁṫa, náoṁṫa, an Tiġearna Día Uileċúṁaċdaċ, an té ḃí, agus atá agus ḃías.


Ní ḃfuil éainneaċ náoṁṫa mar an TTIĠEARNA: óir ní ḃfuil ann aċd ṫusa: agus ní ḃfuil carruig ar biṫ mar ar Ndíanne.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ