Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 1:36 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

36 Agus, féuċ, Elisabet do ṡiur, a tá sisi leis torraċ air ṁac ann a hárrsuiġeaċd: agus is sé so an seisioḋ mí don ṁnáoi úd, dá ngoirṫear bean aimrid.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

36 Agus féaċ, do ḃean ġaoil, Elisabet, ġaḃ sise fosta mac agus í aosta, agus seo an seiseaḋ mí díṫe-se a dtugtar aimrid uirṫí;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

36 Agus féaċ, Elisabet, do ṡiúr, do ġaḃ sise gein ’n‐a sean‐aois, agus is é seo an séṁaḋ mí aici‐se go dtugaḋ bean aimrid uirṫi.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

36 Agus féaċ, siní Elisabet, do ṡiúr, tá leanḃ mic ar iompar aici agus í aosda, agus sidé an séṁaḋ mí aici sin go dtugtar aimrid uirṫi.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 1:36
10 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċ do ḃí Sarai aimrid; ni raiḃ clann ar biṫ aice.


Anois, ní rug Sáraí bean Abram clann ar biṫ ḋó: agus do ḃí innilt Egipteaċ aice, dar bainm Hágar.


A nois do ḃí Abraham agus Sárah áosta, agus do ċuireadar morán dá naimsir ṫárrsa; agus do scuir do ḃeiṫ ag Sarah do réir ċúrsa na mban.


Oír do ṫoirrċeaḋ Sárah, agus rug mac do Abraham na áois ḟoirfe, ann sa nam ċinnte dar laḃair Día ris.


Agus do toirċeaḋ an ḃean, agus rug sí mac annsa namsin a duḃairt Elisa ría, do réir aimsire na beaṫa.


Aimsior ċum beirṫe, agus aimsir dfaġáil ḃáis; aimsir do ṗlannduġaḋ, agus aimsir ċum an neiṫe do plannduiġeaḋ do ṫarruing súas;


Agus ar ḃfreagra do naingeal a duḃairt se ría, Tuirléonguiḋ an Spiorad Náoṁ ort, agus foiléoċaiḋ cuṁaċda an té as Airde ṫú: uime sin an ní náoṁṫa ḃéaras tú goirfiġear Mac Dé ḋe.


Oír ní ḃía ní ar biṫ doiḋéunta do Ḋia.


Re linn Iorúaiṫ, rí ṫire Iúdaiġe, do ḃí sagart airiġe dár ḃainm Saċarías, do ṡeal Abía: agus a ḃean dinġeanuiḃ Aaróin, agus, Elísabet do baimn ḋi.


As tré ċreideaṁ mar an gcéudna fuáir Sára féin neart ċum síl do ġaḃáil di, agus rug sí mac tar éis í ḋul tar aóis cloinne ḃreiṫ, do ḃríġ gur ṁeas sí gur ḃfírinneaċ an tí ṫug an geallaḋ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ