Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 1:32 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

32 Bíaiḋ se mór, agus goirfiḋear Mac an té is Airde ḋe: agus do ḃéura an Tiġearna Día caiṫír Ḋáiḃí, aṫar féin ḋó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

32 Béiḋ sé sin mór, agus goirfear Mac an té is Áirde de, agus ḃéarfaiḋ an Tiġearna Dia dó caṫaoir Ḋáiḃiḋ, a aṫair, agus béiḋ sé ina ríġ i dteaġlaċ Iacóib a ċoiḋċe,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

32 Béiḋ sé mór, agus goirfear Mac an Té is Aoirde ḋe; agus do‐ḃéarfaiḋ an Tiġearna Dia ḋó rí‐ċaṫaoir Ḋáiḃi, a aṫair:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

32 Beiḋ an mac san mór, agus taḃarfar Mac Dé Aoird air, agus taḃarfaiḋ an Tiġearna Dia ḋó an ċaṫaoir rí a ḃí agá aṫair, ag Dáiḃid; agus beiḋ sé ’n-a rí i dteaġlaċ Iácóib go deó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 1:32
39 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus daingneoċar do ṫiġ agus do rioġaċd go bráṫ roṁad: daingneoċar do ċaṫáoir ríoġa go bráṫ.


Do ṁionnuiġ an TIĠEARNA do Ḋáiḃi a ḃfírinne; ní ḟillfe sé úaḋ sin; Do ṫoraḋ do ċoirp suiġeoċaiḋ sé ann do ċaṫaóir ríoġa.


Má ċoiṁéaduid do ṁic mo ċunnraḋ agus mfíaġnuiseaḋa noċ ṁúinfead dóiḃ, suiġfid a cclann mar an cceadna go síorruiġe ann do ċaṫaoir ríoġa.


Agus daingneoċar an ċaṫaoir rioġa a ttrócaire: agus suiḋfiḋ sé innte a ḃfírinne a ttabernacuil Ḋáiḃi, ag breaṫnuġaḋ, ag iarruiḋ breiṫeaṁnuis, agus ag deifriuġaḋ an ċeirt.


Annsin raċuiḋ a steaċ a ngeataḋuiḃ na caiṫreaċso riġṫe agus prionnsniḋe ag suiḋe ar ċaṫaóir Ḋáiḃi, ag marcuiġeaċd a ccarbadaiḃ agus ar eaċaiḃ, íad féin, agus a bprionnsaḋa, fir Iúdah, agus áitreaḃṫaċa Ierúsalem: agus fanfuiḋ an ċaṫairsi go bráṫ.


Agus abair, Eist briaṫra an TIĠEARNA, a ríġ Iúdah, noċ ṡuíġios ar ċaṫaóir Ḋáiḃi, ṫusa, agus do ṡeirḃísiġ, agus do ṁuinntir ṫéid a steaċ annsna geataḋuiḃ.


Agus a láeṫiḃ na ríoġ so cuirfiḋ Día neiṁe rioġaċd súas, naċ scriosfuiġear go bráṫ: agus ní fúigfiġear an rioġaċd ag daóiniḃ oile, aċd brisfiḋ sí iona codċuiḃ agus díbeoruiḋ na rioġaċda uile, agus seasfuiḋ sí go braṫ.


Leaḃar ġeinealuiġ Iósa Críosd, ṁic Ḋaiḃi, ṁic Abraham.


Eíreoċuiḋ bainríoġan an táoiḃe buḋ ḋead a mbreiṫeaṁnus leis an ngeinealaċso, agus daimnéoċuiḋ sí é: óir ṫainic sisí ó leiṫimealuiḃ na talṁan déisdeaċd re heagna Ṡolaiṁ; agus, féuċ, a tá neaċ as mó ná Solaṁ ann so.


Agus ar dteaċd Diosa do laḃair sé ríu, ag ráḋ, Ṫugaḋ ḋamsa gaċ uile ċuṁaċda ar a neaṁ agus ar talaṁ.


Go deiṁin baisdimsi siḃ lé huisge do ċum aiṫriġe: aċd ċeana an té ṫig am ḋíaiġ is láidire é ná me, agus ni fíu misi a ḃróga diomċur: baisdfe seisean leis an Spioraid Náoṁ, agus lé teiniġ siḃ:


Agus do ṫoċ seision, agus níor ḟreagair sé én ní. Do ḟíafruiġ an tárdsagart de a rís, agus a duḃairt sé ris, An tusa an Críosd Mac Dé Ḃeannuiġṫe?


Agus ag eiṁġe do ġuṫ árd, a duḃairt sé, Créd í mo ċuidsi ḋíot, a Iósa, a Ṁic Dé roáird? Cuirim a huċd Dé ort, gan mo ṗianaḋ.


Oir bíaiḋ sé na ḋuine ṁór a ḃfíaḋnuisi an Tiġearna, agus ni íoḃa sé fíon na deoċ láidir; agus fós bíaiḋ sé lan don Spiorad Náoṁ, ó ḃroinn a ṁáṫar.


Agus ar ḃfreagra do naingeal a duḃairt se ría, Tuirléonguiḋ an Spiorad Náoṁ ort, agus foiléoċaiḋ cuṁaċda an té as Airde ṫú: uime sin an ní náoṁṫa ḃéaras tú goirfiġear Mac Dé ḋe.


Agus tusa, a leiniḃ, goirfiṫear diot faíḋ an té as Airde: óir raċuiḋ tú roiṁ aġaiḋ an Ṫiġearna dullṁuġaḋ a ṡliġeaḋ;


Do ḟeagair Eóin, ag ráḋ ríu uile, Baisdeamsa siḃ go deiṁin lé huisge; aċd a tá neaċ is nearṫṁuire ná misi ag teaċd, ag naċ fiú mé íallaċ a ḃróg do sgáoileaḋ: baisdfiḋ seision siḃ leis an Spiorad Náoṁ agus lé teiniḋ:


Ar a naḋḃarsin gráḋuiġiḋ ḃur náṁuid, agus déunuiḋ maiṫ, agus taḃruiḋ áirleaġaḋ úaiḃ, gan súil ré héinní arís; agus buḋ mór ḃur lúaideaċd, agus beiṫí ḃur gcloinn ag an té as Airde: óir bí seisean cinealta les na dáoiniḃ dombuíḋeaċa agus saiṫe.


Do ḟreaguir an pobal é, Do ċúalamairne ón dliġeaḋ go ḃfanann Críosd go siorraiḋe: agus cionnus a deir tusa, Gur ab éigean Mac an duine do ṫógḃáil a nairde? Cía hé an Mac so an duine?


Agus créidmídne agus atá a ḟios aguinn gur tusa Críosd, Mac Dé ḃí.


Do lean sí so Pól agus sinne, agus do éiġ sí, ag ráḋ, Is seirḃísiġ don Día ro árd na dáoinesi, moċ ṡoisgéulas dáoiḃ sliġe na sláinte.


Ar a naḋḃarsin ar mbeiṫ na ḟáiḋ ḋó, agus a ḟios aige go dtug Día móid ḋó maille lé mionnuiḃ, go dtóigfeaḋ sé Críosd súas, do ṡíol a leasruiġsion, do réir na féola, agus go ccuirfeaḋ sé na ṡuíḋe ann a ċaṫáoirsean é;


Uime sin bíoḋ a ḟios go dearḃṫa ag tiġ Israél uile, go ndearnuiḋ Día Tiġearna agus Críosd, do Níosasa do ċroċaḃairsi.


Aċd fós ní a dteampluiḃ laiṁḋéanta atá an tí as Airde na ċoṁnuide; do réir mar a deir an fáiḋ,


Do foillsiġeaḋ na Ṁac Dé a gcúṁaċdaiḃ, do réir spioraid na náoṁṫaċda, tré eiséirġe ó ṁarḃaiḃ:)


Agus sgríoḃ ċum aingil na heagluise atá a Bṗiladelṗia; Ag so na neiṫe a deir an neaċ náoṁṫa, án neaċ fírinneaċ, agá ḃfuil eoċair Ḋáiḃi, an tí osglas, agus ní ḋúnann éinneaċ; an tí ḋúnas, agus ní osglann éunduine;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ