Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 1:22 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

22 Agus ar ndul a maċ ḋó, nír ḃéidir leis laḃairt ríu: agus do aiṫniġeadar go ḃfacaiḋ sé taiḋḃsi sa teampoll: óir do sméid sé orrṫa, agus do ḟan sé balḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

22 Agus ar ṫeaċt amaċ dó, ní raiḃ sé ábalta laḃairt leo, agus ḃí a ḟios acu go ḃfaca sé raḋarc san teampall. Agus ḃí sé ag déanaṁ cóṁarṫaí dóiḃ, agus ṁair sé balḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Agus nuair ṫáinig sé amaċ, níor ḟéad sé laḃairt leo; agus do ḃí a ḟios aca go ḃfaca sé aisling sa teampall: agus do lean sé ag déanaṁ cóṁarṫa ḋóiḃ, agus d’ḟan sé balḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Agus nuair a ṫáinig sé amaċ ní féadfaḋ sé laḃairt leó, agus ḃí ’ḟios acu go ḃfeacaiḋ sé raḋarc sa teampul. Agus ḃí se ag déanaṁ cóṁarṫaí ḋóiḃ, agus do lean an ḃailḃe air.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 1:22
8 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ḃéara misi air do ṫeangaiḋ ceangal do ċarbad do ḃéil, ċor go mbía tú balḃ, agus naċ biáiḋ tú ad ḟear imḋeargṫa: óir is tiġ easuṁal íad.


Agus do ḃí an pobal ag fuireaċ ré Saċarías, agus do biongnaḋ léo an fad do ḟan sé sa teampoll.


Agus tárla ḋó, an tan do coiṁlionaḋ laéṫe a ṁiniosdrálaċda, go ndeaċaiḋ sé ḋá ṫiġ féin.


Agus do rinneadar coṁarṫa ḋá aṫair, créd an tainm bá mían leis do ṫaḃairt air.


Ar a naḋḃarsin do sméid Síomón Peadár ar an ḃfearsin, do ċum go ḃfiafróċaḋ se cía ar laḃair sé.


Agus ar sméideaḋ a láiṁe ḋósan orṫa, ċum ḃeiṫ na dtoċd, dfoillsiġ sé ḋóiḃ cionnus tug an Tiġearna amaċ é as an bpríosun. Agus a duḃairt sé, Innisiġ na neiṫeise do Ṡéumus, agus do na dearḃráiṫreaċaiḃ. Agus ar nimṫeaċd as sin dó, do ċuáiḋ sé go háit eile.


Agus rugadar amaċ ríu as a tslúaġ Alecsandar, noċ do ṫiomáineadar na Iuduiġe rompa. Agus ar sméideaḋ Ḋalecsandar lé na láiṁ, ag iarruiḋ éisdeaċda, dob áill leis an taḋḃar dinnisin don ṗobal.


Agus an tan tug sé cead dó, ar seasaṁ do Ṗól ar a sdaíġre, do sméid sé lé na láiṁ ar an bpobal. Ag íarraiḋ éisdeaċda, agus ar ndéanaṁ cíuínis ṁóir ḋóiḃ, do laḃuir sé sa teanguiḋ Eaḃra ríu, ag ráḋ,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ