Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 1:20 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

20 Agus, féuċ, bíaiḋ tú gan úrlaḃra, agus ní bá héidir leaċd laḃairt, go soiṫe an lá an a dtiocfaid na neiṫe so ċum críċe, do ḃríġ nár ċréid tu dom ḃríaṫraiḃsi, noċ coiṁlíonfuiġear na nam féin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

20 Agus féaċ, béiḋ tú gan ċainnt agus ní ḃéiḋ tú ábalta laḃairt go dtí an lá ina dtárlóċaiḋ na neiṫe seo, de ḃríġ nár ċreid tú mo ḃriaṫra-sa, a ċóiṁlíonfar ina n-am féin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

20 Agus féaċ, béid tú id’ ṫost, agus ní ḟéadfair laḃairt, go dtí an lá ’n‐a dtiocfaiḋ na neiṫe seo ċum críċe de ċionn nár ċreidis mo ḃriaṫra‐sa cóiṁlíonfar ’n‐a n‐am féin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

20 Agus féaċ, beiḋ tú gan caint, agus ní ḟéadfair laḃairt go dtí an lá ’n-a gcóṁlíonfar na neiṫe seo, toisg nár ċreidis mo ċaint-se do ṫiocfaiḋ ċun cinn ’n-a h-aimsir féin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 1:20
22 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ḟreagair an tiġearna úd óglaċ Dé, agus a duḃairt, Féuċ, dá ndéarnaḋ an TIĠEARNA fuinneóga ar ḟlaiṫeaṁnus, nar ḃfeídir a leiṫeíd sin do ḃeiṫ? Agus a duḃairt seision, Féuċ, do ċífe tusa led ṡuiliḃ é, giḋeaḋ ní íosa tú ḋé.


Ann sin tiġearna ar léig an ríġ a ċeann air a láiṁ do ḟreagair sé doglaċ Dé, agus a duḃairt, Féuċ, dá ndéarnaḋ an TIĠEARNA fuinnéoga ar ḟlaiṫeaṁnus, nar ḃféidir an nise ḃeiṫ mar so? Agus a duḃairt seision, Féuċ, do ċinḋ tusa led ṡúiliḃ é, aċd ní íosa tú éinní ḋé.


Agus a duḃairt an TIĠEARNA ris, Cía rinne béul an duine, nó cía ní an balḃ, nó an boḋar, nó an té do ċí, nó an dall? Naċ misi an TIĠEARNA?


Agus Samária ceann Eṗraim, agus ceann Ṡamária mac Remaliah. Muna ccreidṫí, go deiṁin ní daingneoċṫar siḃ.


Annsa ló sin foisceoltar do ḃéul don tí raċus as, laiḃeora tú, agus ní ḃiáiḋ tú balḃ ní sa ṁó: agus biáiḋ tú ad ċoṁarṫa ḋóiḃ; agus aiṫeonuid gur misi an TIĠEARNA.


Agus do ḃéara misi air do ṫeangaiḋ ceangal do ċarbad do ḃéil, ċor go mbía tú balḃ, agus naċ biáiḋ tú ad ḟear imḋeargṫa: óir is tiġ easuṁal íad.


Agus an tan do laḃair sé a leiṫéid sin do ḃríaṫruiḃ riom, do ċuir mé maġaiḋ air an ttalaṁ, agus do ḃí mé balḃ.


¶ Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maóise agus ré Háaron, Do ċionn nar creideaḃair ḋaṁ, dom náoṁaḋ a laṫair ċlonme Israel, uime sin ní ṫiuḃarṫáoi an ċuideaċdasa don dúṫaiġ ṫug me ḋáoiḃ.


Fa ḋeiriḋ ar mbeiṫ ar áonḃall do naóinḟear ḋég do ṫaisbéan sé é féin dóiḃ, agus do ċuir sé na aġaiḋ a míċreideaṁ agus a gcrúas croiḋe, tré nár ċreídeadar don druing do ċonnairc é ar neiséirġe.


Agus ar ḃfreagra ḋósan, a duḃairt sé, A ċíneaḋ gan ċreideaṁ, gá fad ḃias mé eadruiḃ? agus gá fad fós ḟuiléongus mé siḃ? taḃruiḋ ċugamsa é.


Agus ar ḃfreagra don aingeal a duḃairt sé ris, Is misi Gabríel, ṡeasas a ḃfíaḋnuisi Dé; agus do cuireaḋ mé do laḃairt riotsa, agus dinnsin na núaiḋeaċd maiṫ so ḋuit.


Agus do ḃí an pobal ag fuireaċ ré Saċarías, agus do biongnaḋ léo an fad do ḟan sé sa teampoll.


Agus ar ndul a maċ ḋó, nír ḃéidir leis laḃairt ríu: agus do aiṫniġeadar go ḃfacaiḋ sé taiḋḃsi sa teampoll: óir do sméid sé orrṫa, agus do ḟan sé balḃ.


Agus is beannaiġṫe an ḃean do ċreid: óir coiṁlionfuiḋear na neiṫe do ġeall an Tiġearna ḋi.


Agus ar an mball do hosglaḋ a ḃéulsan, agus a ṫeanga, agus do laḃair sé, ag molaḋ Dé.


Oír créd é an ċúis má nár ċreideadar dream áiriġe ḋíoḃ? a ndéuna a neaṁċreideaṁsan fírinne Dé gan eifeaċd?


Má náċ ccreidmídne fanaiḋ seision díleas: ní féidir leis é féin do ṡéuna.


Ċum muiniġne na beaṫa marṫanuiġe, noċ do ġeall Día, ris naċ féidir bréug a ḋéunaṁ, suil do crúṫuiġeaḋ an dóṁan;


Ionnas tré ḋá ní dóaṫarruiḋ, ann naċ féidir lé Día bréug do ḋeunaṁ, go mbeiṫ meanma láidir aguinne, ag rioṫ ċum greamuiġṫe don dóṫċas atá roṁuinn:


An ṁéid is ionṁuin leamsa, cronuiġim agus smaċduiġim íad: uime sin bíoḋ teasġráḋ agad, agus déun aiṫriġe.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ