Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Lúcas 1:18 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

18 Agus a duḃairt Saċarías ris an aingeal, Cionnas ḃías a ḟios so agamsa? óir a táim um ḋuine arsuiḋ, agus a tá áois ṁór ag am ṁnáoi.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

18 Agus duḃairt Sacaire leis an aingeal: Cad é mar ḃéas a ḟios seo agam? óir is seanduine mise, agus tá mo ḃean an-aosta.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Agus aduḃairt Saċarias leis an aingeal, Cionnas ḃéiḋ a ḟios sin agam? Óir atáim‐se im’ ṡeanduine, agus atá mo ḃean aosta go mór.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

18 Agus duḃairt Sacarias leis an aingeal: Conus a ḃeiḋ a ḟios san agam? Óir táim-se am’ ṡeanduine agus tá mo ḃean ró-aosta.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Lúcas 1:18
10 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt sesion, A Ṫiġearna Dia, cionnus ḃías a ḟios agam go maḋ oiġreaċd ḋaṁ í?


An sin do ṫuit Abraham ar aġuiḋ; agus do rinne gáire, agus a duḃairt ann a ċroiḋe, An mbéurṫar mac don ti atá a ccionn a ċéud blíaḋan dáois agus Sárah atá nóċad blíaġan dáois, an mḃéura sí?


Uime sin do rinne Sárah gáire innte féin, dá ráḋ, Tar éis mo ḃeiṫ aosda foirfe, an ḃfuiġe mé solás, ar mbeiṫ foirfe do mo tiġearna mar an gcéudna?


Ann sin tiġearna ar léig an ríġ a ċeann air a láiṁ do ḟreagair sé doglaċ Dé, agus a duḃairt, Féuċ, dá ndéarnaḋ an TIĠEARNA fuinnéoga ar ḟlaiṫeaṁnus, nar ḃféidir an nise ḃeiṫ mar so? Agus a duḃairt seision, Féuċ, do ċinḋ tusa led ṡúiliḃ é, aċd ní íosa tú éinní ḋé.


A duḃairt fós Heseciah, Créd é an coṁarṫa le a raċa mé súas go tiġ an TIĠEARNA.


Agus a duḃairt Muire ris a naingeal, Cionnas ḃías so, óir ní ḃfuil fios fir agamsa?


Agus ní raíḃ, slioċd orrṫa, do ḃríġ go raiḃ Elisábet aimrid agus go raiḃ áois ṁór aca ar áon.


Agus ar mbeiṫ neiṁmeirḃ ḋó a gcreideaṁ, níor ċuir sé íona suim go raiḃ a ċorp féin ċeana gan spracaḋ, ar mbeiṫ ḋó a dtimċeall ċéd blíaḋan, na fós a neiṁmbrioġṁuireaċd ḃronn Ṡára:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ