9 Agus tugadar mic Aáron a nfuil ċuige: agus do ṫum a ṁéur annsa nfuil, agus do ċuir ar ḃeannuiḃ na haltóra í, agus do ḋóirt a nfuil amaċ ag bonn na haltóra:
Agus glacfuiḋ tú dá ḟuil sin, agus cuirfe tú air a ċeiṫre ḃeannuiḃ, agus air ċeiṫre coirnéuluiḃ an tsuiḋeaċaḋ, agus air a nimiol timċioll fa ccuáirt: is marso ġlanfas tú agus scagfas tú é.
Agus raċaiḋ amaċ ċum na haltóra atá as coinne an TIĠEARNA, agus do ḋéana síṫ ar a son; agus glacfuiḋ dfuil na bulóige, agus dfuil an ġaḃair, agus cuirfiḋ ar ḃeannuiḃ na haltóra fá gcuáirt í.
Agus glacfuiḋ an sagart dfuil na hofrála peacaiḋ lé na ṁéur, agus cuirfe sé í ar ḃeannuiḃ altóra na hofrála loiscṫe, agus doirtfiḋ amaċ a nfuil ag bonn altóra na hofiála loiscṫe.
Agus glacfuiḋ an sagart cuid do nfuil la na ṁéur, agus cuirfiḋ ar ḃeannuiḃ altóra na hofrála loiscṫe í, agus dóirtfiḋ amaċ a nfuil uile ag bonn na haltóra.
Agus do ṁarḃ sé é; agus do ġlac Maóise a nḟuil, agus do ċuir ar ḃeannuiḃ na haltóra fá gcúairt lé na ṁéur í, agus do ġlan a naltóir, agus do ḋóirt a nfuíl ag bonn na holtóra, agus do náoṁaḋ í, do ḋeanaṁ aiṫṡíoṫċána uirre.
Do ṁarḃ mar an gcéadna an ḃulóg agus an reiṫe, mar íoḋbuirt ofrála síoḋa, noċ do ḃí ar son an ṗobail: agus tugadar mic Aáron a nfuil ċuige, (noċ do ċroiṫ se ar a naltóir fá gcuáirt.)
Oír dob iomċuḃaiḋ don tí, ar son a ḃfuilid na huile neiṫe, agus tré a ḃfuilid na huile neiṫe, ar dtaḃairt ṁorain cloinne ḋó ċum glóire, ceannurra a slánaiġṫe do ḋéunaṁ iomlán tré ḃuáiḋearṫuiḃ.