5 ¶ Agus tugadar leó an ní do aiṫin Maóisi a laṫair ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ: agus tangadar an coiṁṫionól uile a gcoṁġar agus do ṡeasadar as coinne an TIĠEARNA.
Agus do ċruinniġ an pobal íad féin a ḃfoċair a ċéile aṁuil áonduine annsa tsráid do ḃí as coinne ġeata a nuisge; agus do laḃradar re Hesra an scriḃneóir do ṫaḃairt leaḃair ḋliġe Maoise leis, noċ do aiṫin an TIĠEARNA do Israel.
Bulóg agus reiṫe mar an gcéadna mar ofráil ṡioḋa, díoḋbuirt a ḃfíaġnuisi an TIĠEARNA; agus ofráil ḃíḋcumaiscṫe le hola: oir foillséoċaiḋ an TIĠEARNA é féin a niuġ ḋáoiḃ.
Cruinniġ na daóine a ḃfoċair a ċéile, fir, agus mna, agus leiniḃ, agus do ċoiṁiṫeaċ atá táoḃ a stiġ dod ḋoirsiḃ, ionnus go cluinfid síad, agus go ḃfoġlumuid, agus go mbía eagla ḃur TTIĠEARNA Dé orra, agus go gcoiṁéadaid uile ḃríaṫra an dliġe si do ḋéanaṁ: