Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Leḃiticus 9:4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Bulóg agus reiṫe mar an gcéadna mar ofráil ṡioḋa, díoḋbuirt a ḃfíaġnuisi an TIĠEARNA; agus ofráil ḃíḋcumaiscṫe le hola: oir foillséoċaiḋ an TIĠEARNA é féin a niuġ ḋáoiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Leḃiticus 9:4
18 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus tárla, mar do laḃair Aáron le coiṁṫionol ċloinne Israel uile, gur ḟéuċadur a leiṫ a nfásaiġ, agus, féuċ, do ḟoillsiġ glóir an TIĠEARNA annsa néull.


Agus biṫi réiġ a gcoinne an treas lá: óir an treas lá ṫiucfas an TIĠEARNA a núas a naṁarc an ṗobuil uile ar slíaḃ Sínai.


Agus do ċoṁnuiġ glóir an TIĠEARNA ar ṡlíaḃ Sínái, agus do ḟoluiġ an néull é sé lá: agus an seaċdmaḋ lá do ġoir sé ar Ṁaóise amaċ as lár an néill.


Agus an sin ṫeigeoṁus mé re cloinn Israel, agus do ḋéantar an tabernácuil náoṁṫa leam ġlóir.


Agus, féuċ, ṫáinic glóir Dé Israel as an tsliġe a noir: agus do ḃí a ḟuáim aṁuil fuáim ṁóráin uisceaḋ: agus do loinnriġ an talaṁ le na ġlóir.


Agus an tan ċríoċnoċṫar na láeṫesi, aseaḋ ḃías air, a noċtṁaḋ lá, agus mar sin súas, go ndéanuid na ságairt ḃur nofrála loisge air a naltóir, agus ḃur nofrála síoṫċána; agus géaḃa misi siḃsi, a deir an Tiġearna DIA.


Agus a nuair ofrálus éainnéaċ ofráil bíḋ don TIĠEARNA, bioḋ a ioḋbuirt do ṗlúr ṁín; agus dóirtfiḋ ola air, agus cuirfiḋ túis air sin.


Agus má ḃíonn a ofráil na ioḋbuirt ṡíoṫċana, mas don airiġe afrálas sé; má ḃionn firionn no baínionn, ofrálfuiḋ sé é gan tóiḃeim a laṫar an TIĠEARNA.


Agus do ċuáiḋ Maóisi agus Aáron go tabernacuil an ċoṁċruinniġṫe, agus tangadar amaċ, agus do ḃeannuiġeadar an pobal: agus do foillsiuġaḋ glóir an TIĠEARNA don ṗobal uile.


Agus laiḃeoruiḋ tú ré cloinn Israel, gá ráḋ, Glacaiḋsi meannán do na gáḃruiḃ ar son ofrála ṗeacaiḋ; agus láoġ, agus uan, araon don ċédḃlíaḋain, gan ċáiḋe, mar ofráil loiscṫe;


¶ Agus tugadar leó an ní do aiṫin Maóisi a laṫair ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ: agus tangadar an coiṁṫionól uile a gcoṁġar agus do ṡeasadar as coinne an TIĠEARNA.


Agus a duḃairt Maóise, As é so an ní do aiṫin an TIĠEARNA ḋíḃ do ḋéanaṁ: agus foillseoċṫar glóir an TIĠEARNA ḋáoiḃ.


Aċd do aiṫniġeadar an coṁċruinniuġáḋ uile a gloċaḋ lé cloċuiḃ. Agus do ṫaisbein glóir an TIĠEARNA í féin a ttabernacuil an ċoṁċruinniġṫe a laṫair ċloinne Israel uile.


Agus do ċruinniġ Córah an coṁċruinniuġaḋ úile na naġaiḋ go dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ: agus do foillsiuġaḋ glóir an TIĠEARNA don ċoṁċruinniuġaḋ uile.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ