Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Leḃiticus 9:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Agus laiḃeoruiḋ tú ré cloinn Israel, gá ráḋ, Glacaiḋsi meannán do na gáḃruiḃ ar son ofrála ṗeacaiḋ; agus láoġ, agus uan, araon don ċédḃlíaḋain, gan ċáiḋe, mar ofráil loiscṫe;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Leḃiticus 9:3
22 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ġlacadar cóta Ióseṗ, agus do ṁarḃadar meannán do na gaḃruiḃ, agus do ṫumadar an cóta ann sa nḃfuil.


Agus ṫugadar a láṁa go ccuirfidís a mná úaṫa; agus íar mbeiṫ ciontaċ, dofráladar reiṫe don tréud ar son a bpeacuiḋ.


Agus dofráladar ag sollamuin ċoisriġṫe an tiġesi Dé céud bulóg, ḋá ċéad reiṫe, ceiṫre ċéad luḃán; agus mar ofráil ṗeacuiḋ ar son Israel uíle, ḋá ġaḃar ḋéag ḟiriouna, do réir uiḃre ṫreaḃ Israel.


Biáiḋ ḃur nuáin gan toiḃéim, firionnaċ don ċéidḃliaḋuin: beanfuiḋe ó na cáorċuiḃ, nó ó na gaḃruiḃ é:


¶ Giḋeaḋ buḋ toil leis an TTIĠEARNA a ḃrúġaḋ, do ċuir sé ċum doilġis é: a nuáir do ḋéana tú ofráil da anam ar son ṗeacaiḋ, do ċifiḋ sé a ṡíol, faideoċuiḋ sé a láeṫe, agus raċuiḋ deaġṫoil an TIĠEARNA ar a haġaiḋ iona láiṁ.


¶ Agus do lorgair Maóise go diṫċiollaċ a ndiáiġ ġaḃar na hofrála peacaiḋ, agus féuċ, do loisceaḋ é: agus do ḃí sé feargaċ le Heléasar agus re Hatimar, mic Aaron do fágḃaḋ beó, gá ráḋ,


Agus a nuáir ċoiṁlíontar láeṫe a glanta, ar son mic, nó inġine, do ḃéura sí úan don ċéidḃliaḋuin, agus colum óg no éun turtuir, mar ofráil ṗeacaiḋ, go dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ, ċum an tsagairt.


Agus annsa noċdṁaḋ lá glacfuiḋ sé ḋá úan ḟirionna gan ċaiḋe, agus úan buinionn don ċéadḃhaḋuin gan ċáiḋe, agus trí deaċṁaḋ cuid do ṗlúr ṁín mar ofráil ḃíḋ, cumaisċte le hola, agus éan log ola.


¶ Annsin muirfiḋ gaḃar na hofrála, peacaiḋ, ḃías ar son an ṗobail, agus do ḃéura a ḟuil táoḃ a steaċ do nfolaċ, agus do ḋéana ris an ḃfuil sin mar do rinne sé ré fuil na bulóige, agus croiṫfiḋ í ar an suiḋe trócaíre, agus ar aġuiḋ an tsuiḋe ṫrócaire:


Agus tóigeoḃuiḋ do ċoṁċruinniuġaḋ cloinne Israel dá ṁeannan do na gaḃruiḃ ar son ofrala ṗeaoaiḋ, agus áon reiṫe mar ofráil loiscṫe.


Agus ofráilfiḋe an lá sin a nuáír ċroiṫfiḋe an ṗunnann úan firionn gan aineaṁ don ċéidḃlíaḋuin mar ofráil loiscṫe don TIĠEARNA.


Nó ma ṫig, a neolus an ṗéacaiḋ, ionar ṗeacaiḋ sé; annsin do ḃéara sé ofráil leis, meannán do na gaḃruiḃ, fiorannaċ gan ċáiḋe:


Má ṗeacuiġéann an sagart atá úngṫa do réir ṗeacaiḋ an ṗobail; ann sin tugaḋ sé ar son an ṗeacuiġ, do ṗeacuiġ sé, bulóg óg gan toiḃéim ċum an TIĠEARNA mar ofráil ṗeacaiḋ.


Agus a duḃairt ré Haáron, Glac láoġ óg mar ofráil ṗeacaiḋ, agus reiṫ mar ofráil loiscṫe, gan ċáiḋe, agus ofráilsa íád a ḃfíaḋnuisi an TIĠEARNA.


Bulóg agus reiṫe mar an gcéadna mar ofráil ṡioḋa, díoḋbuirt a ḃfíaġnuisi an TIĠEARNA; agus ofráil ḃíḋcumaiscṫe le hola: oir foillséoċaiḋ an TIĠEARNA é féin a niuġ ḋáoiḃ.


Oír an ní nár ḃéidir don dliġeaḋ do ḋéunaṁ, ar mbeiṫ ḋó anḃfann trés an ḃfeól, ar gcur a Ṁic féin do Ḋía ag cosaṁlaċd ċolla an ṗeacuiġ, agus ar son peacaiġ, do ḋamnuiġe sé an peacaḋ sa ccoluinn:


Oír do rinne seisean air ar soinne, peacaḋ don tí ag náċ raiḃ fios peacaiġ; ionnus go ndéuntaói fíréuntaċd Dé ḋínne annsan.


Tug é féin air ar son, ċum ar bfúasgalta ó gaċ uile ṗeacaḋ, agus ċum ar nglanta ionnus go mbeimís ar pobal geanaṁuil aige féín, ag leanṁuin go dúṫraċdaċ do ḋeaġoíbriġiḃ.


An tí diomċair ar bpeacuiġne ann a ċorp féin air an gcrann, ionnus air mbeiṫ ḋúinne marḃ do na peacuiġiḃ, go mairfemís do nfíréuntaċd: an tí agár leiġeasaḋ siḃse ré na ċréuċduiḃ.


Oír do ḟulaing Críosd fós éunuáir aṁáin ar son na bpeacaḋ, an firéun ar son na neiṁḟiréun, ionnus go dtiuḃraḋ sinne ċum Dé, do ḃásuiġeaḋ é a dtáoḃ na colla, aċd do béoḋaiġeaḋ é ris an Spioruid:


Agus do ċanadar cainntic núaḋ, ag ráḋ, As fíu ṫusa an leaḃar do ġlacaḋ, agus a ṡéuluiḋe dfosglaḋ: do ḃríġ gur marḃaḋ ṫú, agus gur ċeannuiḋ tú sinne do Ḋía réd ḟuil féin as a nuile ṫreiḃ, agus ṫeanguiḋ, agus ṗubal, agus ċineaḋ;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ