Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Leḃiticus 9:24 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

24 Agus táinic teine amaċ ó ḟíaḋnuisi an TIĠEARNA, agus do ḋíoḃáiḋ ar a naltóir a nofráil loiscṫe agus an ġeir: noċ a nuáir do ċonairc an pobal, do ġáireadar, agus do ṫuiteadar ar a naġaiḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Leḃiticus 9:24
24 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus annsin do ċuir aingeal an TIĠEARNA ceann an ḃata do ḃí na láiṁ amaċ, agus do ḃean ris an ḃféoil agus na haránuiḃ gan loiḃín; agus do éiriġ teiniḋ súas as an gcarruig, agus do loisg a nfeóil agus na bairġiona gan loiḃin. Annsin dimṫiġ aingeal an TIĠEARNA as a aṁarc.


Agus do rinne Dáiḃi altóir ann sin don TIĠEARNA, agus dofráil sé foḋburṫa loisge agus ofrála síoṫċána, agus do ġoir air an TTIĠEARNA; agus do ḟreagair sé ó ḟlaiṫeaṁnus é maille re teine air altóir na híoḋbarṫa loisge.


O a aoḋaire Israel, taḃair éisdeaċd, ṫusa noċ ṫréoruiġios Ióseṗ aṁuil ṫréad; deálruiġiḋsi amaċ, noċ ṡuiġios ar na ċeruḃíniġ.


Aċt a duḃairt a ḃean ris, Dá maḋ í toil an TIĠEARNA ar marḃaḋ, ni ġéaḃaḋ sé ofrail loisge no ofráil ḃíḋ as ar láṁaíḃ, agus ní mó do ṫaisbéunfaḋ sé na neiṫesi ḋúinn, no dinneosaḋ ḋúinn fá namsa a leiṫeid so do neiṫiḃ.


Biáiḋ an teine ar lasaḋ ċoiḋċe ar a naltóir; ní cuirfíġear amaċ go bráṫ í.


Agus táinic aingeal an TIĠEARNA ċuige a lasair ṫeineaḋ amaċ as lár craóiḃe: agus daṁairc seision, agus, féaċ, do ḃí an ċráoḃ tré lasaḋ ó ṫeineiḋ, agus níor loisgeaḋ an ċráoḃ.


Agus tárla, a nuáir do ċuáiḋ an ġrían fáoi, agus go raiḃ dorċa, féuċ fuirnis ḋeatċa, agus tóirsile ṫeiniḋ, noċ do imṫiġ ṫríd na codċuiḃ sin.


Agus do ṡeasadar na haingil uile a dtimċioll na caṫaóireaċ, agus na seanóiriġ agus na gceiṫre mbeaṫaċ, agus do léigeadar íad féin síos ar a naiġṫiḃ a ḃfiaḋnuisi na caṫáoireaċ, agus tugadar onóir do Ḋía,


Agus ar nglacaḋ an leaḃair ḋó, do leigeadar na ceiṫre beaṫuiġ agus an ceaṫrar ar ḟiċid seanóir íad féin síos a ḃfíaḋnuise a Nuáin, ar mbeiṫ ċláirseaċ, agus ṡoiṫeaċ nórġa ag gaċ áon díoḃ fó leiṫ lán do ḋeagḃalaiḋiḃ, agár ab íad urnuiġe na náoṁ íad.


Agus ar nimṫeaċd dó beagán as sin, do leig sé é féin siós ar a aġuiḋ, ag déanaṁ urnuiġe, agus ag ráḋ, A Aṫair, mas éidir é, gaḃaḋ an cupánsa ṫoramsa: aċd ċeana na bíoḋ sé már is toil leamsa, aċd mar is áill leatsa.


Agus do ċanadar le ċéile fa seaċ ag molaḋ agus ag taḃairt buiḋeaċuis don TIĠEARNA; do ḃriġ go ḃfuil sé maiṫ, agus go mairionn a ṫrócaire Disrael go bráṫ. Agus do ġáireadar an pobal uile lé gáir ṁoir, a nuáir do ṁoladar an TIĠEARNA, do ḃríġ gur ṡuiġeadar bunáit ṫiġe an TIĠEARNA.


An tan ṫugadar na beaṫuiḋ sin glóir onóir agus buiḋeaċas don té ḃí na ṡuiḋe sa gcaṫáoir, noċ a ṁaireas go sáoġal na sáoġal,


Aċt do rinne misi tiġ coṁnuiġ ḋuit, agus ionad háitreiḃe go bráṫ.


Agus do ġuiḋ Heseciah a laṫair an TIĠEARNA, agus a duḃairt, O a ṪIĠEARNA Día Israel, noċ ċoṁnuiġios eidir na ċerubíniḃ, is tusa aṁáin Día, rioġaċd an doṁuin uile; is tú do rinne neaṁ agus talaṁ.


Agus do ṫuiteadarsan ar a naġaiḋ, agus a duḃradar, A Ḋé, Día spiorad gaca uile ḟéola, an bpeacóċuíḋ áonduine aṁáin, agus an mbía tú feárgaċ ris an bpobal uile?


Annsin do ṫuit Maóise agus Aáron ar a naiġṫiḃ a laṫair oireaċduis ċoṁċruinniġṫe ċloinne Israel uile.


Agus do ṫuit Abram ar aġúiḋ: agus do ċoṁráiḋ Día ris, dá ráḋ,


Agus do ċuáiḋ teine a maċ ón TIĠEARNA agus do ḋioḃáiḋ sí íad, agus fúaradair bás a ḃfíaġnuisi an TIĠEARNA.


Ní ḟacuiḋ sé éigceart an Iácob, agus ní ḟacaíḋ olc a Nísrael: atá an TIĠEARNA a Ḋía maille ris, agus atá Síansa ríġ eatorra.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ