22 Agus do ṫóg Aáron súas a láṁ leaṫ ris an bpobal, agus do ḃeannuiḋ íad, agus táinic a núas ó íoḋbuirt na hofrála peacaiḋ, agus na hofrála loiscṫe, agus na hofrála síoḋa.
Mic Amram; Aáron agus Maóise: agus do dealuiġeaḋ Aáron, do ḃeannuġaḋ na neiṫionn ro náoṁṫa, é fein agus a ṁic go bráṫ, do losgaḋ túise as coinne an TIĠEARNA, do ḟriṫeolaṁ ḋó, agus do ḃeannuġaḋ iona ainm go bráṫ.
¶ Ann sa namsin do ḋealuiġ an TIĠEARNA treaḃ Léḃi, diomċar aírce ċunnarṫa an TIĠEARNA, do ṡeasaṁ as coinne an TIĠEARNA do ṁiníostralaċd dó, agus do ḃeannuġaḋ iona aínm, gus an lá a niuġ.
Agus tiucfuid na sagairt mic Léḃi a laṫair; (óir is íad do ṫoġ do ṪIĠEARNA Día do ṁiniostralaċd dó, agus do ḃeannuġaḋ a nainm an TIĠEARNA; agus is lé na mbreiṫir críoċnuiġṫear gaċ uile imreasain agus gaċ uile ḃuille:)
Ná déunuiġ olc a naġuiḋ uilc, ná anċaint a naġuiḋ anċainte: aċd go contrárġa ḋó sin, tuguiḋ ḃur mbeannaċd; ar mbeiṫ a ḟeasa aguiḃ gur ċuige so do goireaḋ siḃ, ionnas go ḃfuiġeaḋ siḃ féin beannaċd mar oiġreaċd.