Do íoḋbairt ofrála loisge don TIĠEARNA air altóir na hofrála loisge a ccoṁnuiḋ maidin agus tráṫnóna, agus do ḋéanaṁ gaċ neiṫe dá ḃfuil scríoḃṫa a ndliġeaḋ an TIĠEARNA, noċ do aiṫin sé Disrael;
¶ Agus do ċuir Solaṁ (teaċda) go Húram ríġ Tíor, ġa ráḋ, Mar do rinne tú re maṫair Dáiḃi, agus gur ċuir tú cedair ċuige do ḋéanaṁ tiġe ḋó iona ndéanaḋ sé coṁnuiġe, déana marsin riomsa.
Agus loiscfid clann áaron é ar an altóir ar an ioḋbuirt loiscṫe, noċ ḃíos ar an gconnaḋ ḃíos ar an tteniḋ: ofrail déanta le teniḋ, do ḃolaḋ cumbra don TIĠEARNA.
Ar a naḋḃarsin a duḃairt Iósa riú, Go deiṁin, deiṁin, a deirim riḃ, Muna niṫí féoil Ṁic an duine, agus muná niḃṫí a ḟuil, ní ḃfuil beaṫa aguiḃ íonnuíḃ féin.
Do céusaḋ mé má ráon ré Críosd: giḋeaḋ atáim beo; bíoḋ naċ misi feasda, aċd Críosd atá béo ionnam: agus an ḃeaṫa ċaiṫim a nois sa gcoluinn is tré ċreideaṁ Ṁic Dé ċaiṫim í, noċ do ġráḋuiġ mé, agus tug é féin ar mo ṡon.