Agus glacfa tú an méaṫas uile ḟolċus an mionaċ, agus án scairt ḃíos ós cionn na náe, agus an dá ḋuḃán, agus an ġeir ḃías orra, agus loisg ar a naltóir íad.
¶ Giḋeaḋ buḋ toil leis an TTIĠEARNA a ḃrúġaḋ, do ċuir sé ċum doilġis é: a nuáir do ḋéana tú ofráil da anam ar son ṗeacaiḋ, do ċifiḋ sé a ṡíol, faideoċuiḋ sé a láeṫe, agus raċuiḋ deaġṫoil an TIĠEARNA ar a haġaiḋ iona láiṁ.
Oír is marso a déaruiḋ an Táon árd úaċdaraċ noċ áitreaḃus a siorruiġeaċd, darab ainm Náomṫa; áitreaḃad ann sa náit áird agus náoṁṫa, agus maille ris an té atá do spioruid ċoṁmbrúiġte agus uṁail, daiṫḃéoġaḋ spioraide na nuṁal, agus daiṫḃéoġaḋ croiḋe na druinge ḃios coṁmbrúiġte.
Oír is íad mo láṁa féin do rinne gaċ aoin ní ḋioḃsin, agus do ḃádar na neiṫesin uile, a deir an TIĠEARNA: aċt is don tí so ḟéuċfus misi, eaḋon don tí atá boċt agus brúiġte a spioraid, agus ċrioṫnuiġios rem ḃreíṫir.
Agus tugadar mic Aáron a nfuil ċuige: agus do ṫum a ṁéur annsa nfuil, agus do ċuir ar ḃeannuiḃ na haltóra í, agus do ḋóirt a nfuil amaċ ag bonn na haltóra: