¶ Cuir misi mar ṡéala air do ċroiḋe, mar ṡéala air do riġe: óir is láidir an gráḋ aṁuíl an bás; is fíoċṁar an téud mar a nuáiġ: is sméaróide teineaḋ a smearóide sin, agá mbí lasair ro ḋíḃḟeirgeaċ.
Oír do ċuir sé fíréantaċd uime mar uċtéadaċ, agus clogad an tslánuiġṫe ar a ċeann; agus do ċuir sé cúlaiḋ an dioġaltais uime mar éadaċ, agus do éaduiġeaḋ é le teasġráḋ aṁuil clóca.
Agus seasfa sé a laṫair Eleasar an sagart, noċ íarrfus coṁairle ḋó do réir breiṫeaṁnus Urim a laṫair an TIĠEARNA: do réir a ḟocailsion raċfuid síad amaċ, agus do réir a ḟocailsion tiocfuid síad a steaċ, eision fós, agus clann Israel uile maille ris, eaḋon an coṁċruinniuġaḋ uile.
Agus ar ṫoġ mé é as treaḃuiḃ Israel uile, do ḃeiṫ na ṡagart agum, díoḋbairt ar maltóir, do losgaḋ túise, diomċar eṗod am ḟiaḋnuisi? agus a ttug me do ṫiġ haṫar a nuile íoḋbairt do ḋéantaoi le teiniḋ ó ċloinn Israel?