Agus ní raċtáoi amaċ tar ḋorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ a seaċd lá, nó gó raḃuid laéṫe ḃur gcoisricṫe coiṁlíonta: óir seaċd lá ḃias sé dá ḃur gcoisreagaḋ.
Uime sin anfuiḋe ag dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ do ló agus doiḋċe seaċd lá, agus coiṁéadfuiḋe cúram an TIĠEARNA, naċ ḃfaġṫáoi bás: óir is mar sin do haiṫniġeaḋ ḋióm.
Ar náċ ḃfuil riaċdanus go láeṫeaṁuil, mar do ḃí ar na hárdsagartuiḃ úd, ioḋbarṫa do ḋéunaṁ ar tús, ar son a ṗeacuiġeaḋ féin, na ḋiáiġ sin ar son ṗeacuiġeaḋ an ṗobail: óir do rinne sé so eunúair aṁáin, an tan do rinne sé íoḋbairt de féin.