29 Agus do ġlac Maóise an tuċd, agus do ṁáilliġ é mar ofráil luáimniġṫe a laṫair an TIĠEARNA: óir do bi sin cuid Ṁaóise do reiṫe án ċoisreacṫa; mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise.
Má laḃrann éanneaċ, láḃraḋ mar ḃríáṫra Dé; má ní éainneaċ miniosdrálaċd, déunaḋ í réir na hacfuinne ḃeir Día úaḋ: ionnus go ḃfuiġe Díá glóir sna huile neiṫiḃ tré Iósa Críosd; agá ḃfuil glóir agus cuṁaċda go sáoġal na sáoġal. Amén.
Agus do ḃéuruid ḃur ndearḃraiṫre uile mar ofráil ċum an TIĠEARNA as gaċ uile ċríċ ar eaċuiḃ, agus a ccarbaduiḃ, agus a ccóistiġiḃ, agus ar ṁúilliġiḃ, agus ar ḃeaṫaċuiḃ lúaṫa, go nuige mo ṡlíaḃ náoṁṫa Ierusalem, a deir an TIĠEARNA, mar ḃeirid clann Israel ofráil a soiġṫeaċ ġlan go tiġ an TIĠEARNA.