2 Beir leaċd Aáron agus a ṁic maille ris, agus a néaduiġe, agus an ola ungṫa, agus bulóg ċum na hofrála peacaiḋ, agus ḋa reiṫe, agus clíaḃ darán gan laiḃín.
Agus glacsa ċugad Aáron do ḋearḃraiṫir, agus a ṁic maille ris, ó ṁeasg ċloinne Israel, ċor go ndéana sé miniostralaċd ḋaṁsa a noifig an tsagairt, eaḋon Aáron, Nadab agus Abihú, Eleasar agus Itamar, mic Aáron.
Eaduiġe na serḃíse, do ḋéanaṁ serḃíse annsa náit náoṁṫa, agus na culaḋa náoṁṫa do Aáron an sagart, agus a cculaḋa a ṁac, do ṁiniostralaċd a noifig an tsagairt.
Agus cuirfiḋ an sagart a ċulaiḋ lín uime, agus cuirfiḋ a ḃríste lín fá na ḟeóil, agus tóigeoḃuiḋ súas an lúaiṫ do loisc an teine maille ris a nofráil loiscṫe ar a naltoir, agus cuirfiġear láiṁ ris a naltóir íad.
Ar náċ ḃfuil riaċdanus go láeṫeaṁuil, mar do ḃí ar na hárdsagartuiḃ úd, ioḋbarṫa do ḋéunaṁ ar tús, ar son a ṗeacuiġeaḋ féin, na ḋiáiġ sin ar son ṗeacuiġeaḋ an ṗobail: óir do rinne sé so eunúair aṁáin, an tan do rinne sé íoḋbairt de féin.