¶ Giḋeaḋ buḋ toil leis an TTIĠEARNA a ḃrúġaḋ, do ċuir sé ċum doilġis é: a nuáir do ḋéana tú ofráil da anam ar son ṗeacaiḋ, do ċifiḋ sé a ṡíol, faideoċuiḋ sé a láeṫe, agus raċuiḋ deaġṫoil an TIĠEARNA ar a haġaiḋ iona láiṁ.
Agus do ḃéara tú do na sagartaiḃ na Leḃítiġ ḃíos do ṡíol Ṡadoc, noċ ṫig a ngar ḋaṁsa, do ṁiniostralaċt daṁ, a deir an Tiġearna DIA, bulóg óg mar ofráil ṗeacaiḋ.
Agus glacfuiḋ tú dá ḟuil sin, agus cuirfe tú air a ċeiṫre ḃeannuiḃ, agus air ċeiṫre coirnéuluiḃ an tsuiḋeaċaḋ, agus air a nimiol timċioll fa ccuáirt: is marso ġlanfas tú agus scagfas tú é.
Agus annsa ló a raċuiḋ se a steaċ san tsanctóir, don ċúirt a stiġ, do ṁiniostralaċt annsa tsanctóir, ofráilfiḋ sé a ofráil ṗeacaiḋ, a deir an Tiġearna DIA.
Agus leagfuiḋ Aáron a ḋá láiṁ ar ċionn an ġaḃair ḃeó, agus aideóṁuiḋ ós a ċionn olc ċloinne Israel uile, agus a sárúiġṫe iona bpeacaḋuiḃ uile, dá gcur ar ċionn an ġaḃair, agus cuirfiḋ ar siuḃal é lé láiṁ ḋuine iomċuḃaiḋ fán ḃfásaċ.
Beir leaċd Aáron agus a ṁic maille ris, agus a néaduiġe, agus an ola ungṫa, agus bulóg ċum na hofrála peacaiḋ, agus ḋa reiṫe, agus clíaḃ darán gan laiḃín.
Agus cuirfid na Leḃítiġ a láṁa ar ċeannuiḃ na mbulóg: agus do ḋéana tú íoḋbuirt daon aca mar ofráil ṗeacaiḋ, agus don dara mar ofráil loiscṫe, don TIĠEARNA, do ḋéanaṁ sióḋa do na Leḃitiḃ.
Oír an ní nár ḃéidir don dliġeaḋ do ḋéunaṁ, ar mbeiṫ ḋó anḃfann trés an ḃfeól, ar gcur a Ṁic féin do Ḋía ag cosaṁlaċd ċolla an ṗeacuiġ, agus ar son peacaiġ, do ḋamnuiġe sé an peacaḋ sa ccoluinn:
Oír do ḟulaing Críosd fós éunuáir aṁáin ar son na bpeacaḋ, an firéun ar son na neiṁḟiréun, ionnus go dtiuḃraḋ sinne ċum Dé, do ḃásuiġeaḋ é a dtáoḃ na colla, aċd do béoḋaiġeaḋ é ris an Spioruid: