Aċd nifiġ sé na hinniġe agus na cosa a nuisce: agus do ḃeára an sagart leis sin uile, agus loiscfiḋ sé ar a naltóir é: is ofráil loiscṫe é, ofráil déanta lé teiniḋ, do ḃolaḋ cuṁra don TIĠEARNA.
Aċd na hinniġe agus na cosa niġfiḋ sé a nuise: agus loiscfiḋ an sagart an tiomlán ar a naltóir, do ḃeiṫ na ioḋbuirt loiscṫe, ofrail ar na ḋéanaṁ lé teiniḋ, do ḃolaḋ cuṁra don TIĠEARNA.
Agus do ḃéara sé go macaiḃ Aáron na sagairt é: agus toígeoḃuiḋ as sin lan a ḋuirn dá ṗlúr, agus dá ola, maille le a ṫúis uile; agus loisgfiḋ an sagart a ċuiṁne sin ar an altoír, do ḃeiṫ na ofráil déanta lé teniḋ, do ḃolaḋ ṁaiṫ don TIĠEARNA:
Agus muna ttí ḋé úan do ṫaḃairt leis, annsin do ḃéura sé ḋá ċolum túrtuire les ar son an ṗeacuiḋ do rinne sé, nó ḋá ċolum óga ċum an TIĠEARNA; áon mar ofráil ṗeacaiḋ, agus an dara mar ofráil loiscṫe.
Do céusaḋ mé má ráon ré Críosd: giḋeaḋ atáim beo; bíoḋ naċ misi feasda, aċd Críosd atá béo ionnam: agus an ḃeaṫa ċaiṫim a nois sa gcoluinn is tré ċreideaṁ Ṁic Dé ċaiṫim í, noċ do ġráḋuiġ mé, agus tug é féin ar mo ṡon.