Agus náoṁṫoċa tú uċd na hofrúla tonnuiġe, agus slinnéan na hofrála tógṫa, noċ ttonntar, agus noċ tógṫar súas, do reiṫe an ċoisrigṫe, don ni is le Háaron, agus don ní atá dá ṁacaiḃ.
Agus íostaoi an tuċd croiṫte agus an slinneun tógṫa a náit ġloin; ṫú féin, agus do ṁic, agus hinġeana maille leaċd: óir is ceart duitse íad, agus ceart do ṁac, noċ do ḃéarṫar as ioḋbuirt na hofrála síoḋa ó ċloinn Israel.
Oír do ḃean misi an tuċd luáimneaċ agus an slinneán tógṫa do ċloinn Israel do íoḋbuirt a nofrála síoṫċána, agus ṫug mé do Aáron an sagairt íad agus dá ṁacaiḃ mar statúid go bráṫ ó ṁeasc cloinne Israel.
Agus tonnfuiḋ an sagart íad mar ofráil tonta a laṫair an TIĠEARNA: is naoṁṫa so don tsagairt, maille ris a nuċd tonta agus an slinnéun tógṫa: agus na diaiġ sin is éidir leis an Nasaríṫeaċ fíon dól,
¶ Agus buḋ é so ceart na sagart ón ṗobal, ón droing ofralus ioḋbairt, ma daṁ nó ma caora; go ttiuḃraid don tsagart an slennéan, agus an dá ġíall, agus an ṁéudal.
Agus do ṫóg an cócaire an slinnean, agus án ní do ḃí air, agus do ċuir a ḃfiáḋnuisi Ṡauil é. Agus a duḃairt Samuel, Féuċ an nfuiġioll sin! ad ḟiaġnuisi, agus iṫ é: oír go nuige an amsa do taisgeaḋ ḋuit e ó a nuáir a duḃairt mé, Ṫug mé cuireaḋ don ṗobal. Marsin a dúaiġ Saul le Samuel an lásin.