Agus loiscfid clann áaron é ar an altóir ar an ioḋbuirt loiscṫe, noċ ḃíos ar an gconnaḋ ḃíos ar an tteniḋ: ofrail déanta le teniḋ, do ḃolaḋ cumbra don TIĠEARNA.
Agus do ḋéana an sagart síoṫċáin dó ar son a ṗeacaiḋ do rinne a náon díoḃso, agus maiṫfiġear ḋó é: agus biáiḋ an fuiġeall ag an tsagart mar ofráil ḃíḋ.
Oír do ḃean misi an tuċd luáimneaċ agus an slinneán tógṫa do ċloinn Israel do íoḋbuirt a nofrála síoṫċána, agus ṫug mé do Aáron an sagairt íad agus dá ṁacaiḃ mar statúid go bráṫ ó ṁeasc cloinne Israel.
Agus do ġlac Maóise an tuċd, agus do ṁáilliġ é mar ofráil luáimniġṫe a laṫair an TIĠEARNA: óir do bi sin cuid Ṁaóise do reiṫe án ċoisreacṫa; mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise.
Agus is leaċtsa so; ofráil ṫógṫa a dtioḋluicṫe, maille re uile ofrála ṫonnta ċloinne Israel: ṫug mé ḋuitsi íad, agus dod ṁacaiḃ agus dod inġeanuiḃ maille riot, lé statúid ṡíorruiḋe: gaċ áon dá mbía glan ann do ṫiġ íosuiḋ sé ḋe.
A né náċ ḃfuil a ḟios aguiḃ an dream ṡaoṫruiġeas a dtimċeall na neiṫeann náoṁṫa go níṫid síad do neiṫiḃ an teampoill? agus an dream ḃíos do ġnáṫ ag friṫeólaḋ na haltóra go ḃfaġaid cuid ranna don naltóir?
¶ Agus buḋ é so ceart na sagart ón ṗobal, ón droing ofralus ioḋbairt, ma daṁ nó ma caora; go ttiuḃraid don tsagart an slennéan, agus an dá ġíall, agus an ṁéudal.