¶ Agus giḋ bé ar biṫ duine ḃías da ṫiġ Israel, nó da na coiṁiġiḃ ḃíos ar cuáirt ḃur measg, iṫeas éainġné ḟola; cuirfiḋ misi umarro maġaiḋ a naġaiḋ a anma sin iṫeas fuil, agus gearrfa mé amaċ ó na ḋáoiniḃ é.
Oir giḋ bé ar biṫ íosas do ġeir an ḃeaṫaiḋ, íoḋbruid dáone mar ofráil déanta le teiniḋ don TIĠEARNA, fós an tanam íosas de sin gearrfuiġear amaċ ó na ṁuinntir é.
An é naċ dtuillfiḋ (do réir ḃur mbaraṁlasa,) an tí ṡaltras Mac Dé fá na ċosuiḃ, agus measus fuil an ċonnarṫa, lér náoṁaḋ é, ḃeiṫ neaṁġlan, agus do ḃeir masla do Spioruid na ngrás, pionús as ró ṁó ná sin?
Ann sin do innisiodar do Ṡaul, ġá ráḋ, Féaċ, do ṗeacaiḋ an pobal a naġaiḋ an TIĠEARNA, mar a táid ag iṫe gon an nfuil. Agus a duḃairt seision, Do ṡáruiġeaḃair: iomlaitiġ cloċ ṁór ċugamsa a niuġ.