Is marsin ċroiṫfios seision ar ṁóran do ċineaḋaċaiḃ; druidfid na ríġṫe a mbéul uime: óir do ċífid an ní nar hinnseaḋ ḋóiḃ; agus measfuid an ní naċ ccúaladar.
¶ Agus do ḃí a bpóirse an ġeata ḋa ċlár don táoiḃse, agus ḋa ċlár don taóiḃ oile, do ṁarḃaḋ na hofrála loisge orra agus na hofrála peacuiḋ agus na hofrála sáruiġṫe.
Agus muirfiḋ sé é ar ṫáoiḃ na haltóra leaṫ ṫuaiġ a ḃfiaġnuise an TIĠEARNA: agus na sagairt clann Aáron, croiṫfid an ḟuil timċioll fa gcuáirt ar a naltóir.
¶ Má ḃíonn ofráil nó íoḋbuirt loiscṫe don airiġe, ofrálaḋ firionnaċ gán ċáide: ofrálaḋ sé, é da ṫoil áontaġaíḋ féin ag dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe a ḃfíaḋnuise an TIĠEARNA.
Agus muirfiḋ sé an ḃulóg a ḃfíaḋnuise an TIĠEARNA: agus bearuid na sagairt, clann Aáron, a nfuil leó, agus croiṫfid a nfuil timċioll fá gcuáirt ar a naltóir noċ atá láiṁ ré dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe,
Agus muirfiḋ sé án túan annsa náit a muirfiḋ a nofráil ṗeacaiḋ agus a nofráil loiscṫe, annsa náit náoṁṫa: óir mar is leís an tsagart a nofráil ṗeacaiḋ, is leis mar sin a nofráil ṡáruiġṫe: atá sí ró náomṫa:
Agus leagfa sé a láṁ ar ċionn a ofrála, agus muirfiḋ sé é ag dorus ṫabernacuíl an ċoṁċruinniġṫe: agus croiṫfid mic Aaron na sagairt an ḟuil ar an altóir timċioll fa gcuáirt.
Agus leagfa a láṁ air cionn a ofrála, agus muirfiḋ é as coinne an tabernacuil an ċoṁċruinniġṫe: agus croiṫfiḋ clann Aaron a ḟuil timċioll fá gcuairt ar an altóir.
Agus do ḋéana sé leasuġaḋ annsa doċar do rinne annsa ní naoṁṫa, agus cuirfiḋ an cúigeaḋ cuid na ċionn, agus do ḃéura don tsagart é: agus do ḋéana an sagart síoṫċáin do le reiṫe na hofrála sáruiġṫe, agus maiṫfiġear ḋó é.
Agus muna ttí ḋé úan do ṫaḃairt leis, annsin do ḃéura sé ḋá ċolum túrtuire les ar son an ṗeacuiḋ do rinne sé, nó ḋá ċolum óga ċum an TIĠEARNA; áon mar ofráil ṗeacaiḋ, agus an dara mar ofráil loiscṫe.
Laḃair ré Haarón agus le na ṁacaiḃ, gá ráḋ, Is é so dliġeaḋ na hofrála peacaiḋ: annsa náit a marḃṫar a nofráil loiscṫe is ann muirfíġear a nofráil ṗeacaiḋ a ḃfíaḋnuise an TIĠEARNA: atá sé ro náoṁṫa.
Agus coisreoċuiḋ se don TIĠEARNA laéṫe iomscarṫa, agus do ḃéara uan don ċéad ḃliaḋuin leis ar son ofrála eigcéirt: aċd do ċaill na láiṫe do ċuaiḋ ṫairís, ar an aḋḃar gur truailleaḋ a iomscaraḋ.
Ar na dtóġa do réir réiṁḟios Dé Aṫar, ċum náoṁṫaċda na Sbioruide, tré úṁlaċd agus croṫaḋ fola Iósa Críosd: Grása, agus síoṫċáin, go ró líonṁar maille riḃ.