Gioḋ bé ar biṫ ní ḃeanas re nfeóil sin biaiḋ sé ro naoṁṫa: agus a nuair croiṫfiġear ḋá ḟuil ar éadaċ ár biṫ, niġfe tú a náit dár ḃean an croṫaḋ annsa náit náoṁṫa.
Agus ma hiostar eainní dfeóil ioḋḃarṫa a ofrála síoḋa ar éanċor an treas lá, ní geaḃṫar í, ní mó meastar do nofráil í: biáiḋ sí na haḋúaṫṁuireaċd, agus an tanam íosas di iomċóruiḋ sé a ċoir.
Aċd an tanam iṫeas dfeóil íoḋbarṫa na hofrála síoṫċána, noċ is leis an TTIĠEARNA, gá ḃfuil a neaṁġloine air, gearrfuíġear an tanam sin ṫríd amaċ as a ṁuinntir.
Agus a duḃairt sé ríu, Atá a ḟios agaiḃse náċ dliġṫeaċ do Iúdaiġe é féin do ċeangal deaċdrannaċ, nó teaċd dá ġoire; giḋeaḋ do ḟoillsiġ Día ḋaṁsa gan duine coitċeann nó neaṁġlan do ġairm do neaċ ar biṫ.
Atá a ḟios agum, agus is dearḃ leam tré san Dtiġearna Iósa, naċ ḃfuil éainni neaṁġlan úaḋa féin: aċd on tí ṁeasas éinni do ḃeiṫ neaṁġlan, atá sé ḋó sin neaṁġlan.
Atáid na huile neiṫe go deiṁin glan don druing atá glan: aċd don druing atá salaċ agus gan ċreideaṁ ni ḃfuil éinní glan; aċd fós atá a ninntinn agus a ccoinnsías salaċ.