Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Leḃiticus 7:18 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

18 Agus ma hiostar eainní dfeóil ioḋḃarṫa a ofrála síoḋa ar éanċor an treas lá, ní geaḃṫar í, ní mó meastar do nofráil í: biáiḋ sí na haḋúaṫṁuireaċd, agus an tanam íosas di iomċóruiḋ sé a ċoir.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Leḃiticus 7:18
31 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Is aḋḟúaṫṁaireaċt don TIĠEARNA íoḋbairt an ċiontaiġ: aċt sí urnaiġ a nfíréin a ḋúil.


Noċ ḟanas a measg na nuáiġeann, agus áitreaḃas annsna haohla aiḃ, noċ iṫeas feóil ṁuc, agus anḃruiṫe neiṫeann naḋḟúaṫṁar ann a soiġṫiġiḃ;


Atá an té ṁarḃus daṁ aṁuil do ṁuirfeaḋ duine; an té ofrálas luḃán, aṁuil agus do ġearrfaḋ muinéal madraiḋ; an té íoḋbras tioḋlacaḋ, aṁuil do ṫairgfeaḋ fuil ṁuice; an té loisgeas túis, aṁuil do ḃeinneoċaḋ sé ioḋal. A seaḋ, do ṫoġadar so a sliġṫe féin, agus dúiliġid a nanmanna iona naḋḟúaṫṁaireaċtuiḃ.


¶ Is marso a deir an TIĠEARNA ris an muinntirsi, Marso do ġráḋuiġeadar dul ar seaċrán, níor ċongṁadar ar ais a ccosa, uimesin ní ġaḃann an TIĠEARNA ċuige íad; cuiṁneoċuiḋ sé anois a loċta, agus fiosroċuiḋ sé a bpeacuiḋe.


A núair ṫroiscfid síad, ní éistfiḋ misi a ccoṁairc, agus a nuáir ṫáirgfid ofráil loisge agus íoḋbairt, ní ġéaḃa mé íad: aċt muirfiḋ mé leis an ccloiḋeaṁ íad, agus leis an ngorta, agus leis an bpláiġ.


Eúgfuiḋ an tanam, ṗeacuiġios. Ní iomċóra an mac éigceart a naṫar, ní mó iomċórus an taṫair éigceart an ṁic: biáiḋ fíréantaċt a nfiréin air féin, agus olc an ċionntuiġ air féin.


Ofráluid síad feóil ar son íoḋḃarṫaċ mofrálaċsa, agus iṫid í; aċt ní ġlacann an TIĠEARNA íad; anois cuiṁneoċa sé a néigceart, agus fiosroċuiḋ sé a bpeacaḋ: fillfid síad don Négipt.


Cread fá nár iṫeaṁair a nofráil ṗeacuiḋ an sa náit náoṁṫa, ó ta sé ró náoṁṫa, agus do ṫug Día ḋiḃsi é diomċar ċionta an ċoṁċruinniġṫe, do ḋéanaṁ sióḋa ar a son a laṫáir an TIĠEARNA?


Agus a duḃairt Aáron re Maóise, Féuċ, a niuġ do ofraladar a nofráil ṗeacaiḋ agus a nofráil loiscṫe as coinne an TIĠEARNA; agus do ṫarládar a leiṫeid sin do neiṫiḃ ḋaṁsa: agus dá niṫinn a nofráil ṗeacaiḋ a niuġ, an ngéaḃṫaoi a ḃfiáḋnuise an TIĠEARNA é?


Agus gaċ uile ní snaiḋṫeaċ ṡnáiḋeas air an talaṁ biáiḋ na aḋḟuaṫṁaireaċd; ni híostar é.


Aċd muna niġfiḋ sé íad, nó a ċorp do ḟoṫruġaḋ; annsin iomċóruiḋ sé a ċoir.


Agus ma ṫairgṫí íoḋbuirt dofráil ṡíoḋa don TIĠEARNA, ofráilfiḋ í ar ḃur ttóil féin.


¶ Agus má ḃeir duine a ḋeirḃṡíur, inġean a aṫar, nó inġean a maṫar, agus go ḃfaicfe a tárnoċd, agus go ḃfaicfe sisi a ṫárnoċdsan; is droċ ní sin; agus gearrfuiġear a maċ íad a raḋarc a muinntire: do léig sé tarnoċd a ḋeirḃṡeaṫráċ leis; iomċóruiḋ sé a ċoir.


Agus ní leigfe tú tárnoċd ḋeirḃṡeaṫar do ṁaṫar leis, nó dearḃṡeaṫar haṫar: óir leígiḋ a ġaol fogus leis: íomċóruid síad a ccoir fein.


Ní mó ḟuileonguiḋ úalaċ a bpeacaiḋ orra fa ṡaruġaḋ, a nuáir íosuid na neiṫe náoṁṫa: óir is misi an TIĠEARNA náoṁas íad.


Aċd bulóg nó úan áir a mbía iomarcaiḋ, nó easḃuiġ ar a ḃalluiḃ, féaduiġ tú sin díoḋbuirt mar ofráil ṫoilteanuiġ: aċd ní ġéuḃṫar é ar son móide.


Ní mó ofráilfiḋe bíaḋ ḃur Dé as láiṁ ċoiṁiġṫiġ déainní ḋíoḃso; do ċionn ḃfuil a morgaḋ féin ionta, agus go ḃfuilid ainṁe orra: ní ġéuḃṫar ar ḃur son íad.


¶ Agus má ṗeacuiġeann anum, agus go ndéana éinní do na neiṫiḃsi do toirmioscaḋ uime do ḋéanaṁ lé haiṫeantuiḃ an TIĠEARNA; matá naċ raiḃ a ḟios aige, ṫairis sin atá ciontaċ, agus iomċóruiḋ sé a ċoir.


Agus a nfeoil beanas ré háoinní salaċ ní híostar í; loiscfíġear le teiniḋ í: agus ar son na feóla, an ṁéid ḃías glan íosuid di.


Bíoḋ go nofráluiḋe ḋaṁsa ofráil loisge agus ḃur nofrála bíḋ, ní ġéaḃa misi íad: ní mó ċuirtios mé suim a nofrála síoḋċána ḃur mbeaṫaċ méiṫ.


Cia atá ḃur measc do ḋruidfeaḋ na doirsi? agus naċ lastaói teine air maltóirse gan aḋḃar. Ní ḃfuil taitneaṁ ar bioṫ agum ionnuiḃ, a deir TIĠEARNA na slóġ, ní mó ġéaḃus mé ofráil as ḃur láiṁ.


A duḃraḃair fós, Féuċ, an sáoṫar! agus do ṡéideaḃair uáiḃ é, a deir TIĠEARNA na slóġ; agus ṫugaḃair liḃ an ní do ḃí réubṫa, agus an teaslán, agus an bacaċ; marso ṫugaḃair ofráil liḃ: an ngéaḃuinnsi so as ḃur lámbuiḃ? a deir an TIĠEARNA.


Agus a nofráil ṫógṫa so aguiḃsi, coimeorṫar ċugaiḃ í mar arḃar urláir an ḃuáilte, agus iomláine ṡoiṫiġ brúite an nfíona.


Agus a duḃairt seision ríu, Is siḃsi an dream ṡáorus siḃ féin a ḃfíaḋnuisi na ndaoine; aċd is aiṫnid do Dia ḃur grioḋeṫe: óir an ní atá fá ṁóirċion a ḃfiáḋnuisi na ndaóine atá sé gráineaṁnil a ḃfiáḋnuisi Dé.


Agus do ġlac sé coṁarṫa an timċillġearrṫa, séula fíréantaċda an ċreidiṁ do ḃí aige an sa neaṁṫimċeallġearraḋ: ionnus go mbeiṫ sé na aṫair ag gaċ áon do ċreidfeaḋ san neaṁṫimċillġearraḋ; do ċum go measfuiḋe fíréantaċd ḋóiḃsean mar an gcéudna:


As mar na gcéudna fuáir Críosd a ioḋḃairt éunuáir aṁáin ċum peacuiḋ ṁóráin do sgríos dó; agus búḋ léir é an dara huáir gan ṗeacaḋ don druing atá ag fuireaċ ris ċum slánuiġṫe.


An tí diomċair ar bpeacuiġne ann a ċorp féin air an gcrann, ionnus air mbeiṫ ḋúinne marḃ do na peacuiġiḃ, go mairfemís do nfíréuntaċd: an tí agár leiġeasaḋ siḃse ré na ċréuċduiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ