Ann sin do ḟreagair Heseciah agus a duḃairt sé, Anois do ċoisreagaḃair siḃ féin don TIĠEARNA, tigiḋ a leiṫ agus tugaiḋ íoḋbuirt agus ofráil ḃuiḋeaċus don TIĠEARNA iona ṫiġ. Agus ṫug an coṁċruinniuġaḋ íoḋbuirt agus ofráil ḃuiḋeaċuis leó; agus an ṁéid do ḃí sóċroiḋṫeaċ ofráil loisge.
Agus do aṫnúaḋuiġ sé altóir an TIĠEARNA, agus do íoḋbuir sé ofrála síoṫċána uirre agus ofralla buiḋe agus dfúagair do Iúdah serḃís do ḋeanaṁ don TIĠEARNA Día Israel.
Agus áon úan as an ttréud, as ḋá ċéad, as inuḃior ṁéuṫ Israel; mar ofráil ḃíḋ, agus ofráil loisge, agus mar ofráil ṡíoṫċána, do ḋéanaṁ aṫċáirdís ḋóiḃ, a deir an Tiġearna DIA.