Agus is leis na sagartaiḃ an séomra a ḃfuil a raḋarc leaṫ ris an ttuáisceart, luċt coiṁéada ċúraim na haltóra: isíad sin mic Ṡadoc a measc ṁac Léḃi, noċ ṫig a ngar don TIĠEARNA do ṁimostralaċt dó.
Agus glacfuiḋ an sagart éanúan firionn, agus ofrálfuiḋ é mar ofráil ṡáruiġṫe, agus an log ola, agus croiṫfiḋ íad mar ofráil luáimniġ do láṫair an TIĠEARNA:
Ma ní anum coír, agus go bpeacóċuiḋ sé tré ainḃfios, a neiṫíḃ náoṁta an TIĠEARNA; annsin do ḃéura sé ċum an TIĠEARNA ar son a ṡáruiġṫe, reiṫe gan ċáiḋe as na tréuduiḃ, réir do ṁeassa lé seceluiḃ airgid do réir ṡecel na sanctóra, mar ofráil ṡáruiġṫe:
Agus do ḃéura sé reiṫe gan ċaíḋe as a tréud, réir do ṁeassa, mar ofráil ṡáruiġṫe don tsagart; agus do ḋéana an sagart síṫ ḋo ar son a ainḃfios iona ndéarna sé seaċrán agus naċ raiḃ a ḟios aige, agus maiṫfiġear ḋó é.
Agus muna ttí ḋé úan do ṫaḃairt leis, annsin do ḃéura sé ḋá ċolum túrtuire les ar son an ṗeacuiḋ do rinne sé, nó ḋá ċolum óga ċum an TIĠEARNA; áon mar ofráil ṗeacaiḋ, agus an dara mar ofráil loiscṫe.