Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Leḃiticus 6:4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Ann sin buḋ aṁla ḃías, do ċionn gur ṗeacuiḋ sé, agus go ḃfuil ciontaċ, go naíseógṫa sé an ní rug ar éigin leis, nó an ní fúair sé gó cealgaċ, no an ní tugaḋ ḋó a ttaisciḋ, nó an ní do ċuáiḋ a muġa noċ fuair sé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Leḃiticus 6:4
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus tug Abraham aċṁusan Dabimileċ fá ṫobar uisge, do ḃean muinntir Abimileċ amaċ ar éigin.


Guiḋim siḃ, aisigiḋ, ḋóiḃ, a niuġ féin, a ḃfearuinn, a ḃfíneaṁna, a luḃgoirt ola, agus a ttiġṫe, agus mar an ccéadna an céadṁaḋ cuid do nairgiod, agus do narḃar, do nfíon, agus do nola, do ḃeanaḃair ḋíoḃ.


Do ḃríġ go ndéarna sé sáruġaḋ agus gur ṫréig sé na boiċt; do ḃríġ gur ḃean sé amaċ ar éigean teaġ naċ é féin do ṫóg;


Aṫruiġid dream coṁarṫaḋa a nfearuinn; beirid tréuda ar éigin léo, agus iṫid cuid díoḃ.


Ní ḃéid a líonta na néuduiġiḃ, ní mo ḟoileoċuid síad íad féin le na noibreaċaiḃ: is oibreaċa éigceirt a noibreaċa, agus atá gníoṁraḋ foiréigin iona láṁuiḃ.


Gur ḃrúiġ sé án boċt agus an riaċtanaċ, gur ṡlad sé maille re foiréigion, nar aisig sé a ngeall, agus gur ṫóig sé a ṡúile súas ċum na nioḋal, go ndéarna sé gráineaṁlaċt,


Ar son a aṫar, do ḃriġ gur ṡáruiġ sé go héadtrócaireaċ, gur ċreaċ sé a ḋearḃráṫair lé foirneart, agus go ndéarnuiḋ sé an ní nar ṁaiṫ a measc a ḋaóine, féuċ, éugfuiḋ seision iona eigceart.


Agus nar ċoiṁéigniḋ duine ar biṫ, aċt daisig don ḟeiċṫeaṁnaċ a ġeall, nar ċreaċ áonduine lé foiréigion, ṫug arán do nocraċ, agus dfoluiġ an tárnoċt lé héaḋaċ;


Má aisigionn an ciontaċ an geall, agus go ttiuḃruiḋ úaḋ an ní do ṡlad sé, agus go siuḃoluiḋ sé a reaċtuiḃ na beaṫa, gan déanaṁ uilc; mairfiḋ sé go deiṁin, ní éugfa sé.


Agus an tan raċuid síad amaċ don ċúirt amuiġ, eaḋon dan ċúirt is faide amaċ ċum an ṗobail, cuirfid síad díoḃ a néaduiġe ann ar ṁiniostraladar, agus leagfuid íad annsna seomraḋuiḃ náoṁṫa, agus cuirfid éadaċ oile umpa; agus ní náoṁṫoċuid síad an pobal le na néadaċ.


¶ Agus an té ṁarḃus beaṫaċ do ḋeana díol ar a ṡon; eaḋon beaṫaċ ar ḃeaṫaiġ.


Agus an té ṁuirfeas beaṫaċ aiseóguiḋ sé é: agus an té ṁarḃas duine, cuirfiġear ċum báis é.


Eaḋon an ḃulóg uile béaruiḋ leis amaċ táoḃ amuiġ don ċampa go hionad ġlann, mar a ndóirtear an luáiṫ amaċ, is loisgfiġear an cconnaḋ lé téine é: mar a ndóirtear an lúaiṫ amaċ is ann loiscfiġear é.


Oír ní feas dóiḃ ceart do ḋéanaṁ, a deir an TIĠEARNA, noċ ċruinniġios foiréigion agus sladṁóireaċd iona bpálásaiḃ.


Agus santuiġid síad fearuinn, agus beanuid amaċ íad lé foiréigion; agus tiġṫe, agus beirid leó íad: marsin sáruiġid duine gun a ṫiġ, eaḋon duine agus a oiġreaċd.


Annsa ló ċéadnasin smaiċteoċa mé a nuile ḋuine lingios air an ttáirsiġ, noċ líonas tiġṫe a maiġistreaċ le héigean agus lé clúanuiġ.


A duḃraḃair fós, Féuċ, an sáoṫar! agus do ṡéideaḃair uáiḃ é, a deir TIĠEARNA na slóġ; agus ṫugaḃair liḃ an ní do ḃí réubṫa, agus an teaslán, agus an bacaċ; marso ṫugaḃair ofráil liḃ: an ngéaḃuinnsi so as ḃur lámbuiḃ? a deir an TIĠEARNA.


Ann sin aideoṁuid siad a bpeacaḋ noċ do rinneadar: agus aiseoguiḋ sé a ċoir maille ré na ṗrinnsiopail sin, agus cuirfiḋ na ċionn an cúigeaḋ cuid de, agus do ḃéara don té a ndearna an ċoir na aġaíḋ é.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ