Agus an ḃulóg ar son na hofrála peacaiḋ, agus an gaḃar ar son na hofrála peacaiḋ, a ttugaḋ a ḃfuil a steaċ do ḋéanaṁ síoḋa annsa náit náoṁṫa, béurfuiḋ óglaċ amaċ as an ccampa íad; agus loiscfiḋ annsa teiniḋ a gcroicne, agus a ḃfeóil, agus a notraċ.
Eaḋon an ḃulóg uile béaruiḋ leis amaċ táoḃ amuiġ don ċampa go hionad ġlann, mar a ndóirtear an luáiṫ amaċ, is loisgfiġear an cconnaḋ lé téine é: mar a ndóirtear an lúaiṫ amaċ is ann loiscfiġear é.