Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Leḃiticus 6:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Má ṗeacuiġeann anum, agus go ndéana sáruġaḋ a náġaiḋ an TIĠEARNA, agus go ndéana bréag ré na ċoṁarsuin ann san ní tugaḋ ḋó a ttaisgiḋ, nó a gcumann, nó rugaḋ uaḋ ar éigin, nó do ṁeall sé a ċoṁarsa;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Leḃiticus 6:2
25 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ḟíarfuiġeadar dáoine na háite ḋe a ttáoḃ a ṁná; agus a duḃairt seision, A sí mo ḋeirḃṡíur í: óir dob eagla leis a ráḋ, a sí mo ḃean í; ar eagla, ar seision, go muirfidís muinntir na háite mé fá Rebecah; do ċionn go raiḃ breáḋa re féaċuin uirre.


Ad haġaiḋsi, féin aṁáin, do ṗeacaiḋ mé, agus ad raḋarcsa do rinneas an tolc: ċum go ḃfíoruiġṫear ṫusa ann hurlaḃra, agus go raḃair fíorġlan ann do ḃreiṫeaṁnus.


Ná bí ad ḟíaḋuin a naġuiḋ do ċoṁarsan gan aḋḃar; agus ná meall le do ḃéul.


Marsin don tí ṁeallus a ċoṁarsa, agus a deir, Naċ a súgraḋ atáim?


Do ḟoillsiġeaḋ fis ḋoilġiosaċ ḋaṁsa; do ní an duine míoċoinġiollaċ míoċoinġioll, agus creaċaiḋ an creaċadóir. Eiríġ súas, a Elam: suíġ a ttimċioll, a Ṁédia; ṫug misi ar a hosnaḋuiḃsin uile cosg.


¶ On ċuid is faide amaċ don talaṁ do ċúalamar céolta, eaḋon glóir do nfíréan. Aċd a dúḃairt misi, Mo ṡecréid daṁ féin, mo ṡecréid daṁ féin, a ṁairg ḋaṁsa! na daoine fealltaċa do rinneadar droiċṁéin: fós, na daóine fealitaċa do rinneadar droiċṁéin ḟealltaċ.


A ṁairg ḋuitsi noċ airgios, agus naċ ar hairgeaḋ ṫú; agus do ní go fealltaċ, agus naċ déarnadar go fealltaċ riot! a nuáir scuirfeas tú do ṁillteaċus, millfiġear ṫú; agus a nuáir scuirfios tú do ḋéanaṁ go fealltaċ, do ḋéanaid síadsan go fealltaċ riotsa.


Agus meallfuid síad gaċ áon aca a ċoṁarsa, agus ní laiḃeoruid a nfírinne: do ṁúineadar dá tteangaiḋ bréaga do ráḋ, agus do ċoiriodar íad féin lé déanaṁ égceirt.


Agus is leis na sagartaiḃ an séomra a ḃfuil a raḋarc leaṫ ris an ttuáisceart, luċt coiṁéada ċúraim na haltóra: isíad sin mic Ṡadoc a measc ṁac Léḃi, noċ ṫig a ngar don TIĠEARNA do ṁimostralaċt dó.


¶ Má ḃíonn ofráil nó íoḋbuirt loiscṫe don airiġe, ofrálaḋ firionnaċ gán ċáide: ofrálaḋ sé, é da ṫoil áontaġaíḋ féin ag dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe a ḃfíaḋnuise an TIĠEARNA.


¶ Ní ġádfuiḋe, agus ní ḋéantáoi ní neiṁḟírinneaċ, ni mó do ḋéantáoi bréag ré ċeile.


Ma ní anum coír, agus go bpeacóċuiḋ sé tré ainḃfios, a neiṫíḃ náoṁta an TIĠEARNA; annsin do ḃéura sé ċum an TIĠEARNA ar son a ṡáruiġṫe, reiṫe gan ċáiḋe as na tréuduiḃ, réir do ṁeassa lé seceluiḃ airgid do réir ṡecel na sanctóra, mar ofráil ṡáruiġṫe:


Is ofráil ṡáruiġṫe é: do ċiontuiġ sé go deiṁin a náġuiḋ an TIĠEARNA.


Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Maóise, ḋa ráḋ,


Ag ráḋ, Cá huáir raċus an ġealaċ núaḋ uáinn, ċor go reacfam arḃar? agus an tsábboid, le ccuirfemís cruiṫneaċt amaċ, ag déanaṁ an eṗah beag, agus an tsecel mór, agus ag fallsuġaḋ na ccoṁṫrom le mealltoireaċd?


Is fíorġlaine do ṡúile na ċum uilc daṁarc, agus ní ḟéadann tú féuċuin air éicceart: cred fa ḃféuċann tú air an droing do ní go fealltaċ, agus ḃíos tú ad ṫoċd an tan ṡluigios an droċḋuine an duine is fíréunta ná é féin?


As é an díaḃal as aṫair ḋáoiḃ, agus as íad míana ḃur naṫair as toil liḃsi ḋéunaṁ. Do ḃi seision na ḟear dúnṁarḃṫa ó ṫus, agus níor ċoṁnuiḋ se sa ḃfírinne, óir ní ḃfuil fírinne ann. A núair do ní sé brég, úaḋ féin laḃrus sé: óir as bréaguire é, agus as é as aṫair don bréig.


A né nár leaċd féin é dá gcongaḃṫa é, agus an é naċ raiḃ sé ad ċúṁaċdaiḃ féin, íar na reic? créd far smúain tú a ní so ad ċróiḋe? ní lé dáoiniḃ do rinne tú brég, aċd ré Día.


Uime sin ar ndealuġaḋ ris an mbréig ḋáoiḃ, láḃraḋ gaċ áon aguiḃ a nfírinne ré ná ċoṁarsuin: óir as buill dá ċéile sinn.


Ná déunuiḋ bréug ré ċéile, ó ċuireaḃair an seanduine ḋíḃ maille ré na ġníoṁarṫuiḃ;


Oír don táoḃ amuiġ béid na madruiġ, agus luċd na bpiseóg, agus a naḋaltrannuis, agus an dúnṁarḃṫa, agus a nioḋalaḋruiġ, agus gaċ neaċ ġráḋuiġeas agus do ní an ḃréug.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ