Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Leḃiticus 6:18 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

18 A ḃfuil dfirionnċaiḃ a measc ċloinne Aáron íosaid de. Biáiḋ na reaċd go bráṫ ionḃur ngeinealaċaiḃ a ttáoḃ ofrálaiḋ an TIĠEARNA do níṫear lé teiniḋ gaċ áon dá mbeanfa riú biáiḋ náoṁṫa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Leḃiticus 6:18
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Seaċd lá do ḋéana tú síṫ ar son na haltóra, agus náoṁṫoċa tú í; agus biáiḋ na haltóir ro náoṁṫa: gioḋ bé ar biṫ ḃeanas ris a naltóir biáiḋ sé náoṁṫa.


Biaiḋ sé na reaċd ṡiorruiḋe da ḃur ngeinealaċaiḃ ar feaḋ ḃur náitreaḃ, naċ ióstáoi méaṫus nó fuil.


Agus leagfa a láṁ ar ċionn an ġaḃair, agus muirfiḋ é ionsa náit a marḃuid a nofráil loiscṫe as coinne an TIĠEARNA: is ofráil ṗeacaiḋ í.


Má ṗeacuiġéann an sagart atá úngṫa do réir ṗeacaiḋ an ṗobail; ann sin tugaḋ sé ar son an ṗeacuiġ, do ṗeacuiġ sé, bulóg óg gan toiḃéim ċum an TIĠEARNA mar ofráil ṗeacaiḋ.


Agus leagfaiḋ sé a láṁ ar ċeann na hofrála peacaiḋ, agus muirfiḋ sé mar ofráil ṗeacaiḋ é ansa náit a marḃuid a nofráil loiscṫe.


Agus cuirfiḋ an sagart a ċulaiḋ lín uime, agus cuirfiḋ a ḃríste lín fá na ḟeóil, agus tóigeoḃuiḋ súas an lúaiṫ do loisc an teine maille ris a nofráil loiscṫe ar a naltoir, agus cuirfiġear láiṁ ris a naltóir íad.


Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Maóise, ḋá ráḋ,


Gioḋ bé ar biṫ ní ḃeanas re nfeóil sin biaiḋ sé ro naoṁṫa: agus a nuair croiṫfiġear ḋá ḟuil ar éadaċ ár biṫ, niġfe tú a náit dár ḃean an croṫaḋ annsa náit náoṁṫa.


Na húile ḟiríonnaċ a measc na sagart iósuiḋ ḋe: atá sé ro náoṁṫa.


Iósuiḋ gaċ aón ḟirionnaċ a measc na sagart de sin: an sa náit náoṁṫa iostar é: ata ro naoṁṫa.


Annsa náít is ronáoṁṫa íosas tú sin; gaċ áon fearḋa íosas é: biáiḋ sé náoṁṫa ḋuit.


¶ Agus do laḃair an TIĠEARNA re Haaron, Féuċ, ṫug mé ḋuit mar an ccéadna cúram mofrála tógṫá do nuile ní náoṁṫa ċloinne Israel; ḋuitsi ṫug mé íad do ḃríġ a nungṫa, agus dod ṁacaíḃ, re horduġaḋ síorruiḋe.


A né náċ ḃfuil a ḟios aguiḃ an dream ṡaoṫruiġeas a dtimċeall na neiṫeann náoṁṫa go níṫid síad do neiṫiḃ an teampoill? agus an dream ḃíos do ġnáṫ ag friṫeólaḋ na haltóra go ḃfaġaid cuid ranna don naltóir?


Do ḃriġ go ḃfuil sgríoḃṫa, Biġiḋse náoṁṫa; óir atáimse náoṁṫa.


Aċd is cinéul toġṫa siḃse, sagartaċd ríoġa, cineaḋ náoṁṫa, pubal ar leiṫ; ionnus go ḃfoillséoċaḋ siḃ suḃáilciḋe an tí do ġoir siḃ as dorċadus ċum a ṡolais iongantuiġ féín.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ