Agus raċaiḋ sé anonn dá ionad didin lé heagla, agus béid a ṗrionnsaḋa eaglaċ roiṁe an mbratuiġ, a deir an TIĠEARNA, a ḃfuil a ṫeiniḋ a Síon, agus a ḟuirnís ann Ierusalem.
Agus is leis na sagartaiḃ an séomra a ḃfuil a raḋarc leaṫ ris an ttuáisceart, luċt coiṁéada ċúraim na haltóra: isíad sin mic Ṡadoc a measc ṁac Léḃi, noċ ṫig a ngar don TIĠEARNA do ṁimostralaċt dó.
Agus biáiḋ an teine ar a naltóir ag loscaḋ innte; ní múċfuiġear i; agus loiscfiḋ an sagart connaḋ uirre gaċ áon ṁaidin, agus leagfa a nofráil loiscṫe a nórd uirre; agus loiscfiḋ uirre méaṫas na nofrálaċ síoṫċána.
¶ Aiṫin do Aáron agus dá ṁacaiḃ dá ráḋ, Is é so dliġeaḋ na hofrála loiscṫe: (is ofráil loiscṫe í, are son a loiscṫe ar a naltóir ar feaḋ na hoiḋċe go maidin, agus biáiḋ teine na haltóra ag loscaḋ innte.)
Agus táinic teine amaċ ó ḟíaḋnuisi an TIĠEARNA, agus do ḋíoḃáiḋ ar a naltóir a nofráil loiscṫe agus an ġeir: noċ a nuáir do ċonairc an pobal, do ġáireadar, agus do ṫuiteadar ar a naġaiḋ.