Aṁáin aduiṁ do ċionta, gur ṡáruiġ tú a naġaiḋ an TIĠEARNA do Ḋía, agus gur spréiġ tú do ṡliġṫe do na coiṁiġṫeaċuiḃ faói gaċ áon ċrann glas, agus nar úṁluiġ tú dom ġuṫsa, a deir an TIĠEARNA.
Agus do ġúiḋ mé ċum an TIĠEARNA mo Ḋía, agus do rinne mé mo ḟaóisidin, agus a duḃras, A Ṫiġearna an Día mór báoġlaċ, ag coṁall an ċunnarṫa agus trócaire don druing ġráḋuiġios é, agus don drong ċoiṁéadas a aiṫeanta;
Agus leagfuiḋ Aáron a ḋá láiṁ ar ċionn an ġaḃair ḃeó, agus aideóṁuiḋ ós a ċionn olc ċloinne Israel uile, agus a sárúiġṫe iona bpeacaḋuiḃ uile, dá gcur ar ċionn an ġaḃair, agus cuirfiḋ ar siuḃal é lé láiṁ ḋuine iomċuḃaiḋ fán ḃfásaċ.
Má adṁuid siád a neagceart, agus éacceart a naiṫreaḋ, maille ré na sáruġaḋ léur ṡáruiġeadar a maġaiḋsi, agus mar an gcéadna gur ṡiuḃluiġeadar contrárḋa ḋaṁ;
Agus do ḋéana an sagart síoṫċáin dó ar son a ṗeacaiḋ do rinne a náon díoḃso, agus maiṫfiġear ḋó é: agus biáiḋ an fuiġeall ag an tsagart mar ofráil ḃíḋ.
Ann sin aideoṁuid siad a bpeacaḋ noċ do rinneadar: agus aiseoguiḋ sé a ċoir maille ré na ṗrinnsiopail sin, agus cuirfiḋ na ċionn an cúigeaḋ cuid de, agus do ḃéara don té a ndearna an ċoir na aġaíḋ é.
¶ Agus a duḃairt Iosua re Aċan, Guiḋim ṫú a ṁic, taḃair glóir don TIĠEARNA Día Israel, agus déana adṁáil ris; agus innis dambsa a nois cred do rinne tú; ná ceil orum é.