3 No má ḃéanann sé le salċar duine, giḋ bé ar biṫ neaṁġloine lé saileoċṫar duine, agus go gceilfiḋ é; a nuáir ḃias a ḟios aige, annsin biáiḋ sé ciontaċ.
Agus annsa ló a raċuiḋ se a steaċ san tsanctóir, don ċúirt a stiġ, do ṁiniostralaċt annsa tsanctóir, ofráilfiḋ sé a ofráil ṗeacaiḋ, a deir an Tiġearna DIA.
Agus féaċfuiḋ an sagart ar an loit a gcroicionn a ḟéola: agus má iompóiġeann na fionnaḋ ban annsa loit, agus go mbía an loit nios doiṁne re a faicsin ná croiceann a ḟéola, is loit luḃra sin: agus féaċfuiḋ an sagart air, agus fúaigéoruiḋ a ḃeiṫ neaṁġlan.
Nó má ḃeanann anum ré háoinní salaċ, mas conablaċ éainní neaṁġlan, nó conablaċ ainṁiḋe neaṁġloin, nó conablaċ neiṫeaḋ neaṁġlan ṡnáiḋeas, má ċeiltear leis é; biáiḋ sé neaṁġlan, agus ciontaċ mar an gceadna.
Nó má ḃeir anum miónna, ga ráḋ ré na ḃéul go ndéana sé olc, nó go ndéana maiṫ, giḋ bé ar biṫ é ḟuaigeorus duine le mionnuiḃ, agus naċ raiḃ a ḟios aige; agus go gceilfiḋ é a nuair ḃias a ḟios aige, annsin biáiḋ sé ciontaċ a ní éigin díoḃso.
Os a ċionn so giḋ bé anum ḃeanas ré ní salaċ, mar atá salċar duine, no beaṫaiḋ neaṁgloin, nó re héainní aḋuaṫṁar neaṁġlan, agus íosas cuid dfeóil íoḋbarṫa na hofrála síoḋa, noċ ḃeanas ris an TIĠEARNA, gearrfuiġear an tanamsin ṫríd amaċ ó na ḋáoiniḃ.