Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Leḃiticus 5:13 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 Agus do ḋéana an sagart síoṫċáin dó ar son a ṗeacaiḋ do rinne a náon díoḃso, agus maiṫfiġear ḋó é: agus biáiḋ an fuiġeall ag an tsagart mar ofráil ḃíḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Leḃiticus 5:13
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Iṫid síad súas peacaḋ mo ḋaóine, agus cuirid a ccroiḋe air a néigceart.


¶ Agus an ní ḟúigfíġear don ofráil biḋ buḋ le Haáron agus le na ċloinn é: is ní ro naoṁṫa é dofráluiḃ an TIĠEARNA déanta lé teniḋ.


Agus fuiġioll na hofrála bíḋ buḋ lé Hááron agus le na ṁaċaiḃ é: is ní ronáoṁṫa dofráluiḃ an TIĠEARNA déanta le teniḋ é.


Agus do ḋéana sé ris an mbulóig mar do rinne ré bulóig ar son na hofrala peacaíḋ, mar sin do ḋéana sé ría so: agus do ḋéana an sagart síoṫ ar a ṡon, agus maiṫfiġear ḋóíḃ é.


Agus loiscfiḋ sé a ṁéaṫus uilé ar a naltóir, aṁuil ṁéaṫus ioḋbarṫa na hofrála sioṫċana: agus do ḋéana an sagart síoṫ ar a ṡon a ttáoiḃ a ṗeacaiḋ, agus maiṫfíġear ḋo é.


Agus bainfiḋ sé amaċ an méaṫus uile, aṁuil mar ḃeantar amaċ méaṫus ó ioḋbairt na hofrála síoḋa; agus loiscfiḋ an sagart ar a naltóir é mar ḃolaḋ ċuṁra don TIĠEARNA; agus do ḋéana an sagart síoṫ ar a ṡon, agus maiṫfiġear ḋó é.


Agus ofráilfiḋ an dara mar ofráil loiscṫe, do réir an ġnáṫ: agus do ḋéana an sagart síoṫċáin ar a ṡon, ar son an ṗeacaiḋ do rinne sé, agus maiṫfiġear ḋó é.


Annsin do ḃéura sé ċum an tsagairt é, agus glacfuiḋ án sagart lán a ḋuirnn de, eaḋon na ċuiṁne sin, agus loiscfiḋ ar naltóir é, do réir na nofrálaḋ do níṫear teiniḋ don TIĠEARNA: is ofráil ṗeacaiḋ sin.


¶ Agus do laḃaír an TIĠEARNA ré Maóise, ḋa ráḋ,


Agus do ḋéana sé leasuġaḋ annsa doċar do rinne annsa ní naoṁṫa, agus cuirfiḋ an cúigeaḋ cuid na ċionn, agus do ḃéura don tsagart é: agus do ḋéana an sagart síoṫċáin do le reiṫe na hofrála sáruiġṫe, agus maiṫfiġear ḋó é.


Nó má ḃeir anum miónna, ga ráḋ ré na ḃéul go ndéana sé olc, nó go ndéana maiṫ, giḋ bé ar biṫ é ḟuaigeorus duine le mionnuiḃ, agus naċ raiḃ a ḟios aige; agus go gceilfiḋ é a nuair ḃias a ḟios aige, annsin biáiḋ sé ciontaċ a ní éigin díoḃso.


Agus is aṁluiḋ ḃías, a nuáir ḃias sé ciontaċ a néinní ḋíoḃ so, go naideoṁuiḋ se go ḃfuil sé ciontaċ annsin ní sin:


Agus do ḃéura sé ofráil ċoire ċum an TIĠEARNA ar son an ṗeacaiḋ do rinne sé, bainionnaċ ón tréud, úan nó meannán ó na gaḃruiḃ, mar ofráil ṗeacaiḋ; agus do ḋéana an sagart síṫ ar a ṡon a ttáoḃ an ṗeacaiḋ.


Iósuiḋ gaċ aón ḟirionnaċ a measc na sagart de sin: an sa náit náoṁṫa iostar é: ata ro naoṁṫa.


A né náċ ḃfuil a ḟios aguiḃ an dream ṡaoṫruiġeas a dtimċeall na neiṫeann náoṁṫa go níṫid síad do neiṫiḃ an teampoill? agus an dream ḃíos do ġnáṫ ag friṫeólaḋ na haltóra go ḃfaġaid cuid ranna don naltóir?


Agus ar ṫoġ mé é as treaḃuiḃ Israel uile, do ḃeiṫ na ṡagart agum, díoḋbairt ar maltóir, do losgaḋ túise, diomċar eṗod am ḟiaḋnuisi? agus a ttug me do ṫiġ haṫar a nuile íoḋbairt do ḋéantaoi le teiniḋ ó ċloinn Israel?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ