Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Leḃiticus 5:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Agus má ṗeacuiġeann anum, agus go néistfé guṫ mionn, agus go mbía na ḟiaḋnuisi, an ḃfacaiḋ nó nar ḟionn sé an ní; muna ḟoillsíġe sé é, annsin iomċóruiḋ a ċoir.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Leḃiticus 5:1
22 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt an ríġ ris, Ca ṁéid úair ṁinneoċus mé ṫú naċ inneosa tú éinni ḋaṁ aċt an ní ḃías fírinneaċ a nainm an TIĠEARNA?


¶ Má ní duine ar biṫ aindliġeaḋ a naġaiḋ a ċoṁarsann, agus mionna do ċur air do ṫaḃairt air mionnuġaḋ, agus na mionna do ṫeaċd as coinne haltórasa ann sa tiġse:


¶ Agus a dúḃairt an ríġ ris, Ca ṁéid úair do ġreineoċus mé ṫú gan éainní do ráḋ riom aċt firinne a nainm an TIĠEARNA?


Oír do ċúadar mo ċionta ós mo ċeann: mar úalaċ trom atáid ro ṫrom agam.


Ann sin biáiḋ mionna an TIĠEARNA éatorra aráon, naċ ar ċuir seision a láṁ a máoin a ċoṁarsan; agus géuhhuiḋ an seal ḃuiġe sin úaḋ, agus ní ḋéana seision go maiṫ é.


Giḋ bé ḃías na ṗáirtiġ ag gaduiġ fúaṫuiġiḋ sé a anam féin: do ċluin sé malluġaḋ, agus ní ḟoillsiġionn é.


Deagla go mbéinn lán, agus go séunfuinn ṫú, agus go naibeoruinn, Cía hé an TIĠEARNA? nó deagla go mbéinn boċt, agus go ngadfuinn, agus go ttiuḃruinn ainm mo Ḋé go díoṁaóin.


Do ċífiḋ sé do ṡáoṫar anma, agus biáiḋ sé sásta: lé na éolus ṡáorfas mo ṡeirḃíseaċ fíréanta mórán; óir iomċoruiḋ sé a ccionta.


Oír atá an fearann lán daḋaltrannaċaiḃ; óir caóiḋiġ an tír do ḃríġ mionnaḋ; do tiormuiġeaḋ súas áit ṁíanġusaċ a nfásaiġ, agus is olc a ccúrsa, agus ní ceart a neart.


Eúgfuiḋ an tanam, ṗeacuiġios. Ní iomċóra an mac éigceart a naṫar, ní mó iomċórus an taṫair éigceart an ṁic: biáiḋ fíréantaċt a nfiréin air féin, agus olc an ċionntuiġ air féin.


Féuċ, is liomsa a nuile anam; mar anam a naṫair, marsin is liom anam an ṁic: éugfuiḋ an tanam, ṗeacoċus.


Aċd muna niġfiḋ sé íad, nó a ċorp do ḟoṫruġaḋ; annsin iomċóruiḋ sé a ċoir.


Ar a naḋḃarsin gaċ éanduine da níosuiḋ e biáiḋ a ṗeacaḋ ḋó, ar a náḋḃar gur ṫruáilliḋ sé ní náoṁṫa an TIĠEARNA: agus gearrfuíġear an tanam sin amaċ as lár a ṁuinntire.


¶ Agus má ḃeir duine a ḋeirḃṡíur, inġean a aṫar, nó inġean a maṫar, agus go ḃfaicfe a tárnoċd, agus go ḃfaicfe sisi a ṫárnoċdsan; is droċ ní sin; agus gearrfuiġear a maċ íad a raḋarc a muinntire: do léig sé tarnoċd a ḋeirḃṡeaṫráċ leis; iomċóruiḋ sé a ċoir.


Laḃair re cloinn Israel, ga ráḋ, Ma ṗeacúiġeann anum tré ainḃfios a naġuiḋ éanaiṫne an TIĠEARNA, (a ttáoḃ niṫeaḋ nár ċóir do ḋéanaṁ,) agus go ndéana sé ní a naġaiḋ éan ḋíóḃ.


Ma ní anum coír, agus go bpeacóċuiḋ sé tré ainḃfios, a neiṫíḃ náoṁta an TIĠEARNA; annsin do ḃéura sé ċum an TIĠEARNA ar son a ṡáruiġṫe, reiṫe gan ċáiḋe as na tréuduiḃ, réir do ṁeassa lé seceluiḃ airgid do réir ṡecel na sanctóra, mar ofráil ṡáruiġṫe:


¶ Agus má ṗeacuiġeann anum, agus go ndéana éinní do na neiṫiḃsi do toirmioscaḋ uime do ḋéanaṁ lé haiṫeantuiḃ an TIĠEARNA; matá naċ raiḃ a ḟios aige, ṫairis sin atá ciontaċ, agus iomċóruiḋ sé a ċoir.


Agus ma hiostar eainní dfeóil ioḋḃarṫa a ofrála síoḋa ar éanċor an treas lá, ní geaḃṫar í, ní mó meastar do nofráil í: biáiḋ sí na haḋúaṫṁuireaċd, agus an tanam íosas di iomċóruiḋ sé a ċoir.


Aċd an duine ḃias glan, agus naċ bía ar turas, agus léicfeas ṫairis gan an ċáisg do ċoiṁéad, gearrfuiġear an tanam céadna amaċ ó na ṁuinntir: do ċionn naċ ttug sé leis ofráil an TIĠEARNA na ham cinnte féin, biaiḋ úalaċ á ṗeacuiḋ áir an bfear sin.


Giḋeaḋ níor laḃair Iósa áonḟocal. Agus do ḟreagair an tárdṡagart agus a duḃairt sé ris, Cuirim ort a huċd Dé ḃí, innisin dúinn an tú Críosd, Mac Dé.


An tí diomċair ar bpeacuiġne ann a ċorp féin air an gcrann, ionnus air mbeiṫ ḋúinne marḃ do na peacuiġiḃ, go mairfemís do nfíréuntaċd: an tí agár leiġeasaḋ siḃse ré na ċréuċduiḃ.


Agus a duḃairt sé re na ṁaṫair, An táoin ċéaddéag secel airgid rugaḋ úaid, air son a raiḃ tú ag malluġaḋ, agus far laḃair tú mar an gcéadna am ḟiaġnuisisi, féaċ, atá an tairgiod agumsa; is misi do ġlac é. Agus a duḃairt a ṁaṫair, Go maḋ beannuiġ ṫusa ón TTIĠEARNA, a ṁic.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ