Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Leḃiticus 4:6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Agus tuimeóḃúiḋ an sagart a ṁéur ansa ḃfuil, agus croiṫfiḋ cuid do nfuil seaċd nuáire as coinne an TIĠEARNA, as coinne ḃruit na sanctóra.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Leḃiticus 4:6
22 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ṫug se an áirc ċum an tabernacuíl, agus do ċuir súas cuṁdaċ an ḟoluiġ, agus do ḟoluíġ áirc na fiaḋnuisi, mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise.


Agus do ċuir sé an altóir órḋa a lóistín an ċoṁcruinniġ a ḃfiaḋnuise an ċuṁduiġ:


Agus tumfuiḋ an sagart a ṁéar deas annsa nola atá iona láiṁ ċlé, agus croiṫfiḋ a nola lé ná ṁéur seaċd nuáire an coinne an TIĠEARNA:


Agus fuiġeall na hola ḃias a láiṁ an tsagairt dóirtfiḋ sé ar ċeann an tí ḃías ré ġlanaḋ: agus do ḋéana an sagart síoṫ ar a ṡon a laṫair an TIĠEARNA.


Agus dóirtfiḋ an sagart lé ná ṁéur deas cuid do nola ḃías iona láiṁ ċlé seaċd nuáire a ḃfíaḋnuise an TIĠEARNA.


Agus croiṫfiḋ ar an tí ḃías ré ġlanaḋ on lúḃra seaċd nuáire é, agus foillseoċaiḋ é ḃeiṫ glan, agus scáoilfiḋ amaċ an téun beó fán maċaire réiḋ.


Agus glacfuiḋ dfuil na buloige, agus croiṫfiḋ sé lé na ṁéur ar an tsuiḋe ṫrócaire í leaṫ ṡoir; agus ar aġuiḋ an tsuiḋe ṫrócaire croiṫfiḋ do nfuil seaċd nuáire lé na ṁéur.


Agus croiṫfiḋ do nfuil uirre lé ná ṁéur seaċd nuáire, agus glanfuiḋ í, agus náoṁṫoċuiḋ í ó neaṁġloine ċloinne Israel.


¶ Agus áireóṁuíḋ tú seaċd sábbóidiġ do ḃlíaḋnuiḃ ḋuit, seaċd nuáire seaċd mblíaḋna; agus spás na seaċd sábbóid do ḃlíaḋnuiḃ biáiḋ ḋuitse na gceaṫraċad águs ná náoi mblíaḋnaiḃ.


Agús muna néistiġe riom fós ar a ṡon so uile, annsin píanfa mé siḃ seaċd nuáire eile ar son ḃur bpeacaiḋ.


Annsin siuḃoluiḋ misi mar an gceadna contrárḋa ḋáoiḃsi, agus smaċdeoċa mé fós seaċd nuaíre eile siḃ ar son ḃur bpeacaḋ.


Annsin siuḃóluíġ misi ionḃur naġuiḋsi a ḃfeirg ṁóir; agus misi, eaḋon misi féin, smaiċdeoċus siḃ seaċd nuáire ar son ḃur bpeacaiḋ.


Agus tuimeoḃuiḋ an sagart a ṁéur a gcuid do nfuil, agus croiṫfiḋ sé seaċd nuáir í as coinne an TIĠEARNA, as coinne an ḃruit.


Agus glacfuiḋ an sagart dfuil na hofrála peacaiḋ lé na ṁéur, agus cuirfe sé í ar ḃeannuiḃ altóra na hofrála loiscṫe, agus doirtfiḋ amaċ a nfuil ag bonn altóra na hofiála loiscṫe.


Agus glacfuiḋ an sagart cuid do nfuil la na ṁéur, agus cuirfiḋ ar ḃeannuiḃ altóra na hofrála loiscṫe í, agus dóirtfiḋ amaċ a nfuil uile ag bonn na haltóra.


Agus glacfuiḋ an sagart dfuil na hofrála peacaiḋ lé na ṁéur, agus cuirfiḋ ar ḃeannuiḃ altóra na hofrála loiscṫe í, agus dóirtfiḋ amaċ a ḟuil uile ag bonn na haltóra:


Agus do ċroiṫ sé di ar a naltóir seaċd nuáire, agus do unguiḋ a naltóir agus a soiġiṫe uile, aráon an láḃéir agus a ċos, da náoṁaḋ.


Agus do ṁarḃ sé é; agus do ġlac Maóise a nḟuil, agus do ċuir ar ḃeannuiḃ na haltóra fá gcúairt lé na ṁéur í, agus do ġlan a naltóir, agus do ḋóirt a nfuíl ag bonn na holtóra, agus do náoṁaḋ í, do ḋeanaṁ aiṫṡíoṫċána uirre.


Agus tugadar mic Aáron a nfuil ċuige: agus do ṫum a ṁéur annsa nfuil, agus do ċuir ar ḃeannuiḃ na haltóra í, agus do ḋóirt a nfuil amaċ ag bonn na haltóra:


¶ Agus glacfuiḋ Eleásar an sagart dá fuil le na ṁéur, agus croiṫfiḋ da fuil go díreaċ as coinne ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ seaċd nuáire:


Agus iomċoruid móirṡeasar sagart seaċt ttrumpuiḋe daḋarcuiḃ reiṫeaḋ roiṁe a náirc: agus ar an seaċdṁaḋ lá timċeoltaoi an ċaṫair seáċd núaire, agus seídfid na sagairt na trumpuiḋe.


¶ Agus tárla, a núair do laḃair Iosua ris an bpobal, gur ġluaisiodar an móirṡeisear sagart ag íomċar na stoc daḋarċuiḃ reiṫeaḋ roiṁe an TTIĠEARNA, agus do ṡéideadar ris na trumpuiḋiḃ: agus do lean airc ċunnarṫa an TIĠEARNA íad.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ