Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Leḃiticus 4:31 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

31 Agus bainfiḋ sé amaċ an méaṫus uile, aṁuil mar ḃeantar amaċ méaṫus ó ioḋbairt na hofrála síoḋa; agus loiscfiḋ an sagart ar a naltóir é mar ḃolaḋ ċuṁra don TIĠEARNA; agus do ḋéana an sagart síoṫ ar a ṡon, agus maiṫfiġear ḋó é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Leḃiticus 4:31
39 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ḃolṫuiġ an TIĠEARNA deaġḃlaḋ; agus a duḃairt an TIĠEARNA ann a ċroiḋe, Ní ṁillfiġ mé aris ann talaṁ ar son an duine ó so amaċ; óir as olc smuáineaḋ croiḋe an duine ón óige: ní mó ḃuáilfeas mé a rís ni is mó, a nuile ní béo mar do rinne mé.


Ċor go nofráilfid íoḋbairt deaġḃoluiḋeaċ do Ḋía neimbe, agus go nguiḋfid ar son sláinte an ríġ, agus aṁac.


Uimesin glacuiḋ ċugaiḃ anois seaċd mbulóga agus seaċd reiṫe, agus éirġiḋ a cceann mo ṡearḃḟoġantuiġ Iób, agus ofraluiḋ súas ar ḃur son féin íoḋbuirt loisge; agus gúiḋfiḋ mo ṡearḃḟoġantuiġ Iób ar ḃur son: óir glacfuiġ misi leis: deagla go ndéanuinn riḃ do réir ḃur leiṁe, do ċionn nar laḃraḃair orum an ní is ceart, mar mo ṡearḃḟoġantuiġ Iób.


Agus loisgfe tú an reiṫ iomlán ar a naltóir: is ofráil loisge don TIĠEARNA sin: is deaġḃalaḋ é, ofráil déanta le teniḋ don TIĠEARNA.


Do ṫaitin ris an TTIĠEARNA ar son a ḟíréantaċda; dó ḋéana sé an dliġeaḋ do ṁóruġaḋ, agus do ḋéana sé oirḋeirc é.


¶ Giḋeaḋ buḋ toil leis an TTIĠEARNA a ḃrúġaḋ, do ċuir sé ċum doilġis é: a nuáir do ḋéana tú ofráil da anam ar son ṗeacaiḋ, do ċifiḋ sé a ṡíol, faideoċuiḋ sé a láeṫe, agus raċuiḋ deaġṫoil an TIĠEARNA ar a haġaiḋ iona láiṁ.


Aċd nifiġ sé na hinniġe agus na cosa a nuisce: agus do ḃeára an sagart leis sin uile, agus loiscfiḋ sé ar a naltóir é: is ofráil loiscṫe é, ofráil déanta lé teiniḋ, do ḃolaḋ cuṁra don TIĠEARNA.


Agus scoiltfiḋ sé é go na sciaṫánuiḃ, aċd ní roinnfiḋ ó ċéile é; agus loiscfiḋ an sagart ar a naltóir é, ar an cconnaḋ atá ar an teiniḋ: is ofráil loiscṫe é, ofrail déanta le teiniḋ, do ḃoluiḋ cuṁra don TIĠEARNA.


Aċd na hinniġe agus na cosa niġfiḋ sé a nuise: agus loiscfiḋ an sagart an tiomlán ar a naltóir, do ḃeiṫ na ioḋbuirt loiscṫe, ofrail ar na ḋéanaṁ lé teiniḋ, do ḃolaḋ cuṁra don TIĠEARNA.


Agus fuiġeall na hola ḃias a láiṁ an tsagairt dóirtfiḋ sé ar ċeann an tí ḃías ré ġlanaḋ: agus do ḋéana an sagart síoṫ ar a ṡon a laṫair an TIĠEARNA.


Agus ofráilfiḋ an sagart íad, áon aca ar son ofrála peacaiḋ, agus an dará héun ar son ofrála loiscṫe; agus do ḋéana an sagart síṫ ar son a ṡilte a laṫair an TIĠEARNA.


Agus do ḋéana an sagart síṫ ar a ṡon lé reiṫe na hofrála sáruiġṫe a laṫair an TIĠEARNA ar son an ṗéacaiḋ do rinne sé: agus maiṫfíġear ḋó an péacaḋ do rinne sé.


Agus do ḃéara sé go macaiḃ Aáron na sagairt é: agus toígeoḃuiḋ as sin lan a ḋuirn dá ṗlúr, agus dá ola, maille le a ṫúis uile; agus loisgfiḋ an sagart a ċuiṁne sin ar an altoír, do ḃeiṫ na ofráil déanta lé teniḋ, do ḃolaḋ ṁaiṫ don TIĠEARNA:


Agus toigeoḃuiḋ an sagart as a ofrail biḋ cuiṁne uirre, agus loiscfiḋ sé ar an altóir é: is ofráil sin déanta lé teniḋ, do ḃolaḋ ṁaiṫ don TIĠEARNA.


Agus bainfiḋ sé a ġeir uile as, agus loiscfiḋ ar a naltóir é.


Agus loiscfiḋ sé a ṁéaṫus uilé ar a naltóir, aṁuil ṁéaṫus ioḋbarṫa na hofrála sioṫċana: agus do ḋéana an sagart síoṫ ar a ṡon a ttáoiḃ a ṗeacaiḋ, agus maiṫfíġear ḋo é.


Agus bainfiḋ sé amaċ a ṁéaṫus uile, mar beantar méaṫus a nuain amaċ ó ioḋbuirt na hofrála síoḋa; agus loiscfiḋ an sagart ar a naltóir íad, do réir na nofrálaḋ do nioṫar lé teíniḋ don TIĠEARNA: agus do ḋéana an sagart cáḋaċas ar son an ṗeácaiḋ do rinne, agus maiṫfíġear ḋó é.


Agus ofráilfiḋ an dara mar ofráil loiscṫe, do réir an ġnáṫ: agus do ḋéana an sagart síoṫċáin ar a ṡon, ar son an ṗeacaiḋ do rinne sé, agus maiṫfiġear ḋó é.


Agus do ḃéura sé ofráil ċoire ċum an TIĠEARNA ar son an ṗeacaiḋ do rinne sé, bainionnaċ ón tréud, úan nó meannán ó na gaḃruiḃ, mar ofráil ṗeacaiḋ; agus do ḋéana an sagart síṫ ar a ṡon a ttáoḃ an ṗeacaiḋ.


Agus do niġ an mionaċ agus na cosa a nuisce; agus do loisc Maóise an reiṫe uile ar a naltóir: do ḃi na íoḋbuirt loiscṫe na ḃalaḋ ċúṁra, agus na hofráil déanta lé teiniḋ don TIĠEARNA; mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise.


Agus do ḋéana an sagart síṫ ar son ċloinne Israel uile, agus maíṫfiġear ḋóiḃ uile é; óir is ainḃfios é: agus do ḃéaruid a nofrail leó, íoḋbuirt ḋéanta lé teiniḋ don TIĠEARNA, agus a nofráil ṗeacaiḋ a laṫair an TIĠEARNA ar son á nainḃfios.


Agus féuċ gúṫ ó neaṁ, ag ráḋ, Ag so mo Ṁac gráḋaċ so, dá ḃfuil mo ṁórṫoil ann.


Agus siúḃluiḋ a ngráḋ, aṁuil do ġráḋuiġ Críosd sinne, agus tug sé é féin air ar son a ofráil agus na ioḋbairt ḋeaġḃaluiḋ do Ḋía.


Noċ ar mbeiṫ ḋo na ḋeallraḋ glóire, agus na ioṁáiġ ḟíre a ṗearsannsan, agus ag congṁáil súas na nuile neiṫeann ré breiṫir a ċúṁaċd féin, ar nglanaḋ ar bpeacuiġne ḋó ṫríd féin, do ṡuiġ sé ar láiṁ ḋeis na Mórġaċda sna hárduiḃ;


Aċd ar ḃforáileaḋ éin ioḋbarṫa aṁáin ar son na bpeacaḋ, don tise, do ṡuiġ sé ar deis Dé, go síorruiḋe;


Oir do rinne sé diongṁálta go síorruiḋe ré héin ioḋbairt aṁáin an dream atá ar na náoṁaḋ.


Agus fós ní tré ḟuil ġaḃar na láoḋ, aċd tré na ḟuil féin; do ċuáiḋ sé a steaċ éun uáir aṁáin sna hiosdaḋuiḃ náoṁṫa, ar ḃfaġáil fúasluiġṫe ṡíorruiḋe ḋúinne.


Aċd da siuḃlam sa tsolas, aṁuil atá seision sa tsolas, atá cumann aguinn ré ċéíle, agus glanuiḋ fúil Iósa Críosd a Ṁicsion sinn ó nuile ṗeacaḋ.


Agus do ċanadar cainntic núaḋ, ag ráḋ, As fíu ṫusa an leaḃar do ġlacaḋ, agus a ṡéuluiḋe dfosglaḋ: do ḃríġ gur marḃaḋ ṫú, agus gur ċeannuiḋ tú sinne do Ḋía réd ḟuil féin as a nuile ṫreiḃ, agus ṫeanguiḋ, agus ṗubal, agus ċineaḋ;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ