Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Leḃiticus 4:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Má ṗeacuiġéann an sagart atá úngṫa do réir ṗeacaiḋ an ṗobail; ann sin tugaḋ sé ar son an ṗeacuiġ, do ṗeacuiġ sé, bulóg óg gan toiḃéim ċum an TIĠEARNA mar ofráil ṗeacaiḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Leḃiticus 4:3
32 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ṫugadar seaċt mbulóga leó, agus seaċt reiṫe, agus seaċd nuáin, agus seaċd bpuic, mar ofráil ṗeacaiḋ ar son na rioġaċta, agus na sanctóra, agus Iúdah. Agus dfúagair sé do na sagartuiḃ mic Aaron a níoḋbuirt ar altóir an TIĠEARNA.


Mar an ccéadna clann na muinntire rugaḋ ar siuḃal uile, agus dfill ón dáoirsine, dofráladar íoḋbarṫa loisge do Ḋía Israel, ḋá ḃulóig ḋéug arson Israel uile, nóċad agus sé reiṫe, seaċtṁoġad agus seaċt núain, ḋa ġaḃar ḋéug ḟirionna mar ofráil ṗeacuiḋ: do ḃadar so uile na nofráil loisge don TIĠEARNA.


Aċd feóil na daiṁe, agus a ṡeiṫe, agus oṫraċ, loisgfe tú le teine táoḃ a muiċ don ċampa íad: is ofráil ṗeacaiḋ í.


Agus glacfa tú do nfuil atá ar a naltóir, agus don ola ungṫa, agus croiṫ í ar Aáron, agus ar a ċulaiḋ, agus ar a ṁacaiḃ, agus ar éaduiġiḃ a ṁac leis: agus biáiḋ sé náoṁṫa, agus a éáduiġe, agus a ṁic, agus éaduiġe a ṁac leis.


Ann sin glacfa tú an ola ungṫa, agus dóirtfe tú ar a ċeann í, agus ungfa tú é.


Agus do ḋéana Aáron síṫ ar a beannuiḃ uáir san mbliaḋuin le fuil ofrála ṗeacaiḋ na síṫe; uáir san mbliaḋuin do déana sé síḋ uirre ar feaḋ ḃur ngeinealaċ: atá sí ro náoṁṫa don TIĠEARNA.


¶ Agus do ḃí a bpóirse an ġeata ḋa ċlár don táoiḃse, agus ḋa ċlár don taóiḃ oile, do ṁarḃaḋ na hofrála loisge orra agus na hofrála peacuiḋ agus na hofrála sáruiġṫe.


Agus do ḃéara tú do na sagartaiḃ na Leḃítiġ ḃíos do ṡíol Ṡadoc, noċ ṫig a ngar ḋaṁsa, do ṁiniostralaċt daṁ, a deir an Tiġearna DIA, bulóg óg mar ofráil ṗeacaiḋ.


Agus annsa ló a raċuiḋ se a steaċ san tsanctóir, don ċúirt a stiġ, do ṁiniostralaċt annsa tsanctóir, ofráilfiḋ sé a ofráil ṗeacaiḋ, a deir an Tiġearna DIA.


¶ Agus más do na tréaduiḃ ḃías a ioḋbuirt, do na cáorċuiḃ nó do na gaḃruiḃ, mar ofráil loiscṫe; do ḃéara leis é na ḟirionnaċ gan toiḃéim.


¶ Má ḃíonn ofráil nó íoḋbuirt loiscṫe don airiġe, ofrálaḋ firionnaċ gán ċáide: ofrálaḋ sé, é da ṫoil áontaġaíḋ féin ag dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe a ḃfíaḋnuise an TIĠEARNA.


¶ Agus do ḃéura Aáron bulóg na hofrála peacaiḋ leis, noċ ḃías ar a ṡon féin, agus do ḋéana síṫ ḋó fein, agus do ṫiġ, agus muirfiḋ bulóg na hofrála peacaiḋ atá ar a ṡon féin:


Mar so ṫiucfas Aáron sa náit náoṁṫa: maille ré bulóig óig mar ofráil ṗeacaiḋ, agus reiṫe mar ofráil loiscṫe.


Agus tóigeoḃuiḋ do ċoṁċruinniuġaḋ cloinne Israel dá ṁeannan do na gaḃruiḃ ar son ofrala ṗeaoaiḋ, agus áon reiṫe mar ofráil loiscṫe.


Agus ofráilfiḋ Aáron a ḃulóg na hofrála peacaiḋ noċ ḃías ar a ṡon féin, do ḋéanaṁ síoṫ ar a ṡon féin, agus ár son a ṫiġe.


A nuáir ḃías fios, an ṗeacaiḋ do ṗeacuiġeadar na aġuiḋ, ann sin ofrálfiḋ an coṁċruinniuġaḋ bulóg óg ar son an ṗeacaiḋ, agus do ḃéura é as coinne ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe.


Nó ma ṫig, a neolus an ṗéacaiḋ, ionar ṗeacaiḋ sé; annsin do ḃéara sé ofráil leis, meannán do na gaḃruiḃ, fiorannaċ gan ċáiḋe:


Nó má ḃíonn fios, an ṗeacaiḋ ionar ṗeacaiḋ sé aige: annsin do ḃéura ofráil leis, meannan do na gaḃruiḃ, bainionna gan toiḃéim, ar son an ṗeacaiḋ do ṗeacaiḋ sé.


Agus glacfa an sagart ḃías ungṫa cuid dfuil na bulóige, agus do ḃéara les go tabernacuil an ċoṁċruinniġṫe í.


Agus do ḃéura sé ofráil ċoire ċum an TIĠEARNA ar son an ṗeacaiḋ do rinne sé, bainionnaċ ón tréud, úan nó meannán ó na gaḃruiḃ, mar ofráil ṗeacaiḋ; agus do ḋéana an sagart síṫ ar a ṡon a ttáoḃ an ṗeacaiḋ.


A ḃfuil dfirionnċaiḃ a measc ċloinne Aáron íosaid de. Biáiḋ na reaċd go bráṫ ionḃur ngeinealaċaiḃ a ttáoḃ ofrálaiḋ an TIĠEARNA do níṫear lé teiniḋ gaċ áon dá mbeanfa riú biáiḋ náoṁṫa.


Agus do ḋóirt as an ola ungṫa ar ċeann Aáron, agus do ungaiḋ é, da náoṁaḋ.


Agus a duḃairt ré Haáron, Glac láoġ óg mar ofráil ṗeacaiḋ, agus reiṫ mar ofráil loiscṫe, gan ċáiḋe, agus ofráilsa íád a ḃfíaḋnuisi an TIĠEARNA.


Agus laiḃeoruiḋ tú ré cloinn Israel, gá ráḋ, Glacaiḋsi meannán do na gáḃruiḃ ar son ofrála ṗeacaiḋ; agus láoġ, agus uan, araon don ċédḃlíaḋain, gan ċáiḋe, mar ofráil loiscṫe;


Agus do ṫuiteadarsan ar a naġaiḋ, agus a duḃradar, A Ḋé, Día spiorad gaca uile ḟéola, an bpeacóċuíḋ áonduine aṁáin, agus an mbía tú feárgaċ ris an bpobal uile?


Ann sin glacaidís bulóg óg maille re na hofráil ḃíḋ, eaḋon plúr mín cumaiscṫe le hola, agus glacfa tusa bulóg óg eile mar offráil ṗeacaiḋ.


Oír an ní nár ḃéidir don dliġeaḋ do ḋéunaṁ, ar mbeiṫ ḋó anḃfann trés an ḃfeól, ar gcur a Ṁic féin do Ḋía ag cosaṁlaċd ċolla an ṗeacuiġ, agus ar son peacaiġ, do ḋamnuiġe sé an peacaḋ sa ccoluinn:


Oír do rinne seisean air ar soinne, peacaḋ don tí ag náċ raiḃ fios peacaiġ; ionnus go ndéuntaói fíréuntaċd Dé ḋínne annsan.


Agus dá ḃríġ so atá dfiaċuiḃ air, ioḋbairt do ḋéunaṁ ar son na bpeacaḋ, ar son an ṗubail, agus ar a ṡon féín mar an gcéudna.


Agus fós ní tré ḟuil ġaḃar na láoḋ, aċd tré na ḟuil féin; do ċuáiḋ sé a steaċ éun uáir aṁáin sna hiosdaḋuiḃ náoṁṫa, ar ḃfaġáil fúasluiġṫe ṡíorruiḋe ḋúinne.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ