Agus muirfiḋ sé é ar ṫáoiḃ na haltóra leaṫ ṫuaiġ a ḃfiaġnuise an TIĠEARNA: agus na sagairt clann Aáron, croiṫfid an ḟuil timċioll fa gcuáirt ar a naltóir.
Agus muirfiḋ sé an ḃulóg a ḃfíaḋnuise an TIĠEARNA: agus bearuid na sagairt, clann Aáron, a nfuil leó, agus croiṫfid a nfuil timċioll fá gcuáirt ar a naltóir noċ atá láiṁ ré dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe,
Agus muirfiḋ sé án túan annsa náit a muirfiḋ a nofráil ṗeacaiḋ agus a nofráil loiscṫe, annsa náit náoṁṫa: óir mar is leís an tsagart a nofráil ṗeacaiḋ, is leis mar sin a nofráil ṡáruiġṫe: atá sí ró náomṫa:
¶ Annsin muirfiḋ gaḃar na hofrála, peacaiḋ, ḃías ar son an ṗobail, agus do ḃéura a ḟuil táoḃ a steaċ do nfolaċ, agus do ḋéana ris an ḃfuil sin mar do rinne sé ré fuil na bulóige, agus croiṫfiḋ í ar an suiḋe trócaíre, agus ar aġuiḋ an tsuiḋe ṫrócaire:
Agus leagfa a láṁ ar a ċean, agus muirfiḋ sé é as coinne ṫabernacuil an ċomċruinniġṫe: agus croiṫfid mic Aaron a ḟuil ar an altoir timċioll fa gcuairt.
Agus leagfa sé a láṁ ar ċionn a ofrála, agus muirfiḋ sé é ag dorus ṫabernacuíl an ċoṁċruinniġṫe: agus croiṫfid mic Aaron na sagairt an ḟuil ar an altóir timċioll fa gcuáirt.
Agus leagfa a láṁ air cionn a ofrála, agus muirfiḋ é as coinne an tabernacuil an ċoṁċruinniġṫe: agus croiṫfiḋ clann Aaron a ḟuil timċioll fá gcuairt ar an altóir.
A ḃfuil dfirionnċaiḃ a measc ċloinne Aáron íosaid de. Biáiḋ na reaċd go bráṫ ionḃur ngeinealaċaiḃ a ttáoḃ ofrálaiḋ an TIĠEARNA do níṫear lé teiniḋ gaċ áon dá mbeanfa riú biáiḋ náoṁṫa.
Laḃair ré Haarón agus le na ṁacaiḃ, gá ráḋ, Is é so dliġeaḋ na hofrála peacaiḋ: annsa náit a marḃṫar a nofráil loiscṫe is ann muirfíġear a nofráil ṗeacaiḋ a ḃfíaḋnuise an TIĠEARNA: atá sé ro náoṁṫa.